Ról Altiero Spinelli ar an tslí chun an Aontais Eorpaigh

21-09-2016

An 14 Feabhra 1984, phléigh agus ghlac Parlaimint na hEorpa ‘an Dréachtchonradh ag bunú an Aontais Eorpaigh’, a dtugtar ‘Dréacht Spinelli’ air, in ómós do rapóirtéir-comhordaitheoir an choiste pharlaimintigh a dhréachtaigh an téacs. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, an 23 Bealtaine 1986, fuair Altiero Spinelli bás sa Róimh. Anois, 30 bliain níos déanaí, meastar go raibh an-tionchar ag Spinelli, agus ag an dréachtchonradh a chuir sé chun cinn, ar phróiseas lánpháirtithe an Aontais Eorpaigh. Ba é an dréachtchonradh sméar mhullaigh shaol polaitiúil Spinelli – fear a raibh súil aige le hEoraip aontaithe sular tháinig an Comhphobal Eorpach ar an bhfód fiú. Is féidir an fhorbairt a tháinig ar mheoin agus obair Spinelli a thuiscint, má chuimhnímid ar na hargóintí a leagadh amach i bhForógra Ventotene, ar ghníomhaíochtaí Spinelli sa Ghluaiseacht Fheidearálach Eorpach, agus ar thús a thréimhse sna hinstitiúidí Eorpacha, mar Choimisinéir i dtosach agus mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin. Ní hamháin gur mhair an polaiteoir Iodálach seo trí thréimhsí éagsúla de lánpháirtiú na hEorpa, ba mhinic súil aige leis na tréimhsí céanna. Le díograis agus le muinín, d’oibrigh sé go dtí an deireadh chun aontas polaitiúil a bhunú idir tíortha na hEorpa. Ba san Institiúid ab ionadaíche agus ab oiriúnaí do ról ceannaireachta sa phróiseas lanpháirtithe, dar le Spinelli, a thógfaí an chéim dheireanach - Parlaimint na hEorpa.