Is togra reachtach é REACT-EU chun an damáiste sóisialta agus eacnamaíoch ar toradh é ar phaindéim COVID-19 a dheisiú, agus chun ullmhú do théarnamh glas, digiteach agus athléimneach. Is é is aidhm do REACT-EU EUR 58 mbilliún breise a shlógadh do na cistí struchtúracha sa tréimhse 2020-2022, agus an tsolúbthacht i gcaiteachas an bheartais chomhtháthaithe a mhéadú.

Is ionstraim airgeadais nua laistigh den Bheartas Comhtháthaithe é an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), arb é is aidhm dó tacaíocht a thabhairt do chríocha a bhfuil dúshláin mhóra shocheacnamaíocha os a gcomhair mar gheall ar an aistriú i dtreo neodracht aeráide. Le CUAC, éascófar cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhfuil sé mar aidhm leis go mbeidh an tAontas neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

D’fhág iarmhairtí tubaisteacha an Dara Cogadh Domhanda agus an baol leanúnach go mbeadh coimhlint ann idir an tIarthar agus an tOirthear gur tugadh tús áite d’athmhuintearas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Ba é an chéad chéim i dtreo lánpháirtíocht na hEorpa an cinneadh go ndéanfaí na tionscail ghuail agus chruach i sé thír de chuid na hEorpa a chomhthiomsú, ar cinneadh é ar tugadh feidhm dó le Conradh Pháras in 1951. Láidríodh bunús na lánpháirtíochta sin le Conarthaí na Róimhe in 1957 mar aon ...
D’fhág iarmhairtí tubaisteacha an Dara Cogadh Domhanda agus an baol leanúnach go mbeadh coimhlint ann idir an tIarthar agus an tOirthear gur tugadh tús áite d’athmhuintearas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Ba é an chéad chéim i dtreo lánpháirtíocht na hEorpa an cinneadh go ndéanfaí na tionscail ghuail agus chruach i sé thír de chuid na hEorpa a chomhthiomsú, ar cinneadh é ar tugadh feidhm dó le Conradh Pháras in 1951. Láidríodh bunús na lánpháirtíochta sin le Conarthaí na Róimhe in 1957 mar aon leis an gcoincheap go mbeadh todhchaí chomhchoiteann ag na sé thír Eorpacha a bhí páirteach inti.
Baineann príomhfhorbairtí na gConarthaí luatha le cruthú acmhainní dílse an Chomhphobail, cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte a threisiú, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus an Córas Eorpach Airgeadaíochta a bhunú. Tacaíodh le coincheap na lánpháirtíochta nuair a tháinig feidhm leis an Ionstraim Eorpach Aonair in 1986, ar ionstraim í a d’athraigh Conradh na Róimhe go mór, trí mhargadh inmheánach mór a chruthú.

Chuir Conradh Maastricht athrú ar na conarthaí Eorpacha mar a bhí, agus chruthaigh sé Aontas Eorpach a bhí bunaithe ar thrí cholún: na Comhphobail Eorpacha, an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus comhar i réimse an cheartais agus gnóthaí baile (CGB). Agus é ag féachaint do mhéadú an Aontais, rinne Conradh Amstardam na coigeartuithe a bhí de dhíth chun a chur ar chumas an Aontais feidhmiú ar bhonn níos éifeachtaí agus níos daonlathaí.

Níor éirigh le Conradh Nice an tAontas Eorpach a ullmhú ach i bpáirt do na méaduithe tábhachtacha soir agus ó dheas a tharla an 1 Bealtaine 2004 agus an 1 Eanáir 2007. Dá bhrí sin, trí dhíriú ar cheisteanna arb é Dearbhú Laeken ba shiocair leo, rinne an Coinbhinsiún Eorpach iarracht chun bunús dhlí nua don Aontas a tháirgeadh i gcruth an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip. Nuair a dhiúltaíodh dó i reifrinn in dhá Bhallstát, níor daingníodh an conradh sin.

Cuirtear i láthair sa bhileog eolais seo cúlra agus forálacha fíor-riachtanacha Chonradh Liospóin. Is é is cuspóir don bhileog ná comhthéacs stairiúil a sholáthar do theacht chun cinn an téacs bhunúsaigh is déanaí seo de AE ó na téacsanna sin a tháinig roimhe. Mínítear na forálacha sonracha (lena ngabhann tagairtí d’airteagail) agus na héifeachtaí atá acu ar bheartais an Aontais Eorpaigh ar bhealach níos mine sna bileoga eolais a dhéileálann le beartais agus le saincheisteanna ar leith.

Tá pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas Eorpach agus dá réir sin tá a dhlíchóras féin aige atá éagsúil ón dlí idirnáisiúnta. Anuas air sin, tá éifeacht dhíreach nó indíreach ag dlí AE ar dhlíthe a mBallstát agus déantar cuid de dhlíchóras gach Ballstáit de. Is foinse dlí ann féin é an tAontas Eorpach. Is iondúil go roinntear an dlíchóras ina reachtaíocht phríomha (na Conarthaí agus prionsabail dhlíthiúla ghinearálta), reachtaíocht thánaisteach (bunaithe ar na Conarthaí) agus dlí forlíontach.

Téann bunús Pharlaimint na hEorpa siar go dtí Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), as a ndearnadh comhthionól na dtrí chomhphobal Eorpacha fhornáisiúnta a bhí ann ag an am. Tugadh an t-ainm ‘Parlaimint na hEorpa’ ar an tionól ina dhiaidh sin. Le himeacht ama, tá athruithe móra tagtha ar an institiúid, a bhfuil a Feisirí á dtoghadh go díreach ó 1979: d’athraigh sí ó thionól le comhaltaí ceaptha go dtí parlaimint thofa a aithnítear mar an comhlacht a shocraíonn clár oibre ...
Téann bunús Pharlaimint na hEorpa siar go dtí Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), as a ndearnadh comhthionól na dtrí chomhphobal Eorpacha fhornáisiúnta a bhí ann ag an am. Tugadh an t-ainm ‘Parlaimint na hEorpa’ ar an tionól ina dhiaidh sin. Le himeacht ama, tá athruithe móra tagtha ar an institiúid, a bhfuil a Feisirí á dtoghadh go díreach ó 1979: d’athraigh sí ó thionól le comhaltaí ceaptha go dtí parlaimint thofa a aithnítear mar an comhlacht a shocraíonn clár oibre an Aontais Eorpaigh.
Tá na nósanna imeachta chun Parlaimint na hEorpa a thoghadh faoi rialú ag reachtaíocht Eorpach ina sainítear rialacha atá coiteann do gach Ballstát agus ag forálacha náisiúnta sonracha atá éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Leagtar síos sna rialacha comhchoiteanna prionsabal na hionadaíochta cionmhaire agus neamh-chomhoiriúnachtaí áirithe a ghabhann leis an sainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá go leor ábhar tábhachtach eile, amhail an córas toghcháin go díreach a úsáidtear ...
Tá na nósanna imeachta chun Parlaimint na hEorpa a thoghadh faoi rialú ag reachtaíocht Eorpach ina sainítear rialacha atá coiteann do gach Ballstát agus ag forálacha náisiúnta sonracha atá éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Leagtar síos sna rialacha comhchoiteanna prionsabal na hionadaíochta cionmhaire agus neamh-chomhoiriúnachtaí áirithe a ghabhann leis an sainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá go leor ábhar tábhachtach eile, amhail an córas toghcháin go díreach a úsáidtear agus an líon toghlach, faoi rialú ag dlíthe náisiúnta.
Is iad na húdair, agus iadsan amháin, atá freagrach as inneachar na ndoiciméad go léir atá ar láithreán gréasáin Think Tank agus ní gá gurb ionann aon tuairimí a nochtar iontu agus seasamh oifigiúil Pharlaimint na hEorpa. Tá an láithreán gréasáin dírithe chuig Feisirí agus foireann na Parlaiminte mar áis dóibh san obair pharlaiminteach a dhéanann siad.