Ganntanais cógas leighis san Eoraip: an chaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag freagairt
Cé chomh tromchúiseach is atá ganntanais drugaí na hEorpa, cad is cúis leo agus cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun iad a chosc, go háirithe i gcás cógais atá ríthábhachtach don bheatha.
Clár ábhair
- Cad is ganntanas cógas ann?
- Cad iad na bunchúiseanna le ganntanais cógas leighis san Eoraip?
- Conas a dhéantar faireachán ar ghanntanais drugaí san AE?
- Cad atá á dhéanamh ag an AE chun ganntanais leighis a sheachaint i gcoitinne?
- Cén bearta atá á ndéanamh ag an AE chun ganntanais leighis a sheachaint?
Is féidir saol daoine a chur i mbaol nuair a bhíonn cógais leighis gann, rud a chuireann ualach suntasach ar ár gcórais sláinte.
Ábhar imní a tháinig chun cinn arís agus arís eile is ea ganntanais cógas leighis ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) le blianta anuas. D’éirigh an fhadhb níos soiléire le linn phaindéim COVID-19. Le déanaí, tá saincheisteanna maidir le ganntanas drugaí tar éis dul in olcas mar gheall ar theannas geopholaitiúil atá ag dul i méid.
Ar fud an Aontais, tuairiscíodh na leibhéil is airde riamh de ghanntanais cógas leighis in 2023 agus 2024. Bhí tíortha an Aontais go mór faoi bhun 136 chógas idir mí Eanáir 2022 agus mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tá faireachán á dhéanamh ag an Aontas cheana féin ar ghanntanais drugaí ar fud na mBallstát. Tá sé ag obair ar reachtaíocht a chur i gcrích chun ganntanais drugaí a chosc agus ar bhearta sonracha chun a ráthú go mbeidh cógais leighis ar fáil atá riachtanach do riochtaí a mbaineann baol báis leo.
Cad is ganntanas cógas ann?
Tarlaíonn ganntanas cógas leighis nuair nach mbíonn go leor druga ar leith ar fáil d’othair nuair a theastaíonn sé uathu agus san áit a dteastaíonn sé uathu. Ní féidir le cógaiseoirí oidis a dháileadh, bíonn stoc ospidéal ídithe, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ar othair fanacht níos faide, cógais mhalartacha a aimsiú nó déanamh d’uireasa cóireála.
Cad iad na bunchúiseanna le ganntanais cógas leighis san Eoraip?
Is casta iad na cúiseanna atá le ganntanais drugaí, agus tuairiscítear go bhfuil níos mó ná 50 % de na heasnaimh ann mar gheall ar shaincheisteanna monaraíochta. I measc na saincheisteanna sin tá easpa acmhainneachta táirgeachta i bhfianaise borradh gan choinne ar éileamh, cinntí tráchtála, agus leochaileachtaí maidir le hinfhaighteacht príomh-chomhábhar, go háirithe nuair a thagann na comhábhair sin ó sholáthróirí teoranta atá bunaithe lasmuigh den Aontas.
Tá difríochtaí móra idir tíortha an Aontais a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht cógas leighis. Tá gach tír freagrach as cógais leighis a cheannach de réir a buiséad agus a riachtanas.
Ós rud é go n-údaraítear formhór na gcógas go náisiúnta agus nach gcuireann monaróirí na gcógas sin atá údaraithe don Aontas ar fad ar fáil i ngach tír, méadaítear an baol go mbeidh scrogaill ann freisin.
Conas a dhéantar faireachán ar ghanntanais drugaí san AE?
Is féidir le ganntanais difear a dhéanamh do gach catagóir cógas agus feistí leighis, lena n-áirítear antaibheathaigh, inslin, cóireálacha ailse agus vacsaíní.
Le blianta fada anuas, tá an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar ghanntanais agus ar shaincheisteanna infhaighteachta maidir le cógais leighis atá údaraithe san Aontas. Tá ardán tiomnaithe ag EMA chun faisnéis a bhailiú ó údaráis náisiúnta maidir le hinfhaighteacht, soláthar agus éileamh cógas leighis. Coinníonn sé liosta cothrom le dáta de ghanntanais leanúnacha agus de chásanna réitithe.
Cad atá á dhéanamh ag an AE chun ganntanais leighis a sheachaint i gcoitinne?
Tar éis phaindéim COVID 2020-2022, inar léiríodh go raibh gá le comhordú méadaithe i measc thíortha na hEorpa chun sláinte daoine a chosaint, thosaigh an tAontas ar ‘Aontas Sláinte’ a thógáil. Leis sin, cuimsítear sraith príomhbheart faoi aon bhrat amháin, ar bearta iad atá ceaptha chun a chinntiú go mbeidh an tAontas agus a thíortha níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte agus go mbeidh soláthairtí leighis ar fáil.
Is é an colún is tábhachtaí d’Aontas Sláinte na hEorpa an t-athchóiriú cuimsitheach ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais.
De réir na rialacha nua, atá fós le teacht i bhfeidhm, déanfar faireachán ar ghanntanais cógas leighis ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus coinneoidh EMA liosta de chógais leighis a bhfuil géarghanntanais ann díobh san Aontas. Is é an smaoineamh atá ann, nuair nach mbíonn stoic leordhóthanacha ag tíortha, gur féidir leo cabhair a iarraidh ó thíortha eile, trí ‘shásra dlúthpháirtíochta deonaí’.
Idir an dá linn, beidh sé d’oibleagáid ar chuideachtaí cógaisíochta soláthar iomchuí leanúnach na ndrugaí a dhíolann siad i dtíortha éagsúla an Aontais a chinntiú agus EMA a chur ar an eolas faoi aon suaitheadh soláthair a luaithe is féidir. Beidh sé de cheangal orthu freisin pleananna coiscthe ganntanas a chur i bhfeidhm agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le raon leathan cógas.
Cén bearta atá á ndéanamh ag an AE chun ganntanais leighis a sheachaint?
Is éard is cógais leighis chriticiúla ann cógais leighis atá riachtanach chun riochtaí tromchúiseacha nó riochtaí a mbaineann baol báis leo a chóireáil agus nach bhfuil mórán roghanna malartacha oiriúnacha ann ina leith, nó nach bhfuil aon roghanna malartacha oiriúnacha ann ina leith. Meastar gur tosaíocht san Aontas é leanúint dá soláthar.
Liosta na gcógas leighis atá criticiúil ar leibhéal an Aontais
Foilsíodh an chéad liosta de chógais leighis chriticiúla de chuid an Aontais i mí na Nollag 2023.
Déantar an liosta sin de chógais leighis chriticiúla a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Má tá druga ar an liosta, ní chiallaíonn sé gur dócha go n-éireoidh sé gann go luath amach anseo; ina ionad sin, ciallaíonn sé go bhfuil sé an-tábhachtach ganntanais de a chosc, ionas nach ndéanfar dochar tromchúiseach d’othair nach mbeadh rochtain acu air a thuilleadh.
Tá níos mó ná 270 substaint ghníomhach ar an liosta faoi láthair, lena n-áirítear antaibheathaigh, inslin, vacsaíní, agus cógais le haghaidh galair ainsealacha agus galair neamhchoitianta.
An Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla: acmhainn déantúsaíochta an Aontais a mhéadú
Chun na bearta atá ann cheana a chomhlánú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas, mhol an Coimisiún Eorpach dlí sonrach nua i mí an Mhárta 2025 - an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla.
Is é is aidhm don dlí sin a bheidh ann amach anseo borradh a chur faoin infheistíocht in acmhainneacht déantúsaíochta cógaisíochta an Aontais trí bhíthin ‘tionscadail straitéiseacha’ (tionscadail thionsclaíocha a d’fhéadfadh tairbhiú de rochtain níos éasca ar chistiú). Chuirfeadh sé creat feabhsaithe ar fáil freisin chun cur ar chumas thíortha an Aontais dul i gcomhar le chéile agus a gcumhacht cheannaigh a mhéadú.
Mar phríomhghníomhaí i ndlí an Aontais a rith, tá Parlaimint na hEorpa i mbun cainteanna faoi láthair le rialtais an Aontais maidir leis an gcuma ba cheart a bheith ar an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla. Ina seasamh caibidlíochta, tá na Feisirí ag iarraidh go ndéanfaí an méid seo a leanas:
- ‘ciste slándála le haghaidh cógais leighis chriticiúla’ tiomnaithe sa chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais;
- cur chuige ‘ceannaigh san Eoraip’ lena gceadófaí d’údaráis chonarthacha náisiúnta tús áite a thabhairt do tháirgeoirí a mhonaraíonn cion suntasach de na cógais leighis chriticiúla sin san Aontas;
- an fhéidearthacht stoc-chairn náisiúnta a athdháileadh ar thíortha an Aontais a bhfuil ganntanais iontu.
Faigh amach cad eile atá á dhéanamh ag an Aontas chun do shláinte a chosaint:
Breis eolais faoi obair an AE l dul i ngleic le ganntanais leighis criticiúil
-
Mionsonraí an togra le haghaidh an Ghnímh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla
osclaítear i bhfuinneog nua é
- Tuairisc ar an nós imeachta reachtach le haghaidh an Ghnímh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla
- Faisnéisiú Taighde Pharlaimint na hEorpa: An Gníomh um Tháirgí íocshláinte Criticiúla
- An Coiste um Shláinte Phoiblí, Parlaimint na hEorpa