Duais Sakharov 2021: Bronnann an Pharlaimint onóir ar Alexei Navalny

Ghlac iníon Alexei Navalny, Daria Navalnaya, le Duais Sakharov de chuid na Parlaiminte in aimn a hathair atá i bpríosúin le linn searmanais an 15 Nollaig.

Bronnadh an Duais Sakharov 2021 ar ghníomhaí frith-éillithe Alexei Navalny. Ghlac a iníon leis an duais agus é i bpríosúin.

Agus é ag caitheamh seala i campa oibre sa Rúis, is ceannaire mór le rá de chuid fhreasúra na tíre sin le thart ar deich mbliana anuas. Tá cáil air as a throid in aghaidh éillithe agus sáruithe ar chearta an duine ó thaobh an Kremlin de.


Mar chuid dá ráiteas oscailte, mhol Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli an misneach de chuid Navalny: “Bagraíodh air, rinneadh céasadh air, tugadh nimh dó, cuireadh é i bpríosúin, ach níor éirigh leo stop a chur lena chuid cainte… Mar a dúirt sé féin, bíonn an t-éilliú faoi bhláth san áit nach bhfuil aon mheas ar chearta an duine, agus aontaím go mór leis. An duine atá ag troid in aghaidh éillithe, tá sé ag troid ar son chearta an duine freisin. Is cinnte go bhfuil sé ag troid ar son dhínit an duine, ar son dea-rialachais agus ar son fhorlámhas as dlí” a dúirt Sassoli, agus é ag éilliú go saorfar Navalny gan mhoill agus gan choinníoll.


Ghlac Daria Navalnaya leis an duais in ainm a hathair, agus rinne sí cáineadh ar na daoine a dhéanann iarracht deachtóirí a shuaimhniú ar son na réadúlachta, agus d’fhógair sí gur chóir don Eoraip cloí lena hidéil féin: “Nuair a scríobh mé chuid m’athair, d’fhiafraigh mé air: ‘Cad é go díreach gur mhaith leat dom a rá ó do thaobh féin le linn na hóráide?’ agus dúirt sé liom: ‘Abair nach cheart go smaoiníonn daoine gur ionann an Rúis réimeas Putin, is cuid den Eoraip í an Rúis, agus déanaimid sár-iarracht a bheith páirteach inti. Ach teastaíonn uainn go ndéanann an Eoraip sár-iarracht freisin, go thiomnaíonn sí do na hidéil iontacha sin, atá ina croílár. Táimid ar ár ndícheall ag iarraidh Eoraip na smaointe, cearta an duine a cheiliúradh, an daonlathas agus an macántacht a chur chun cinn.”

Bhí Leonid Volkov, comhairleoir pholaitiúil Navalny, agus Kira Yarmysh, preasoifigeach Navalny, i láthair ag an searmanas in Strasbourg freisin.


Ba iad Jeanine Áñez, polaiteoir de chuid Bloaive, agus Mná na hAfganastáine, ar son shaoirse agus chearta an duine, na hainmniúcháin eile i gcomhair Dhuais Sakharov na Parlaiminte um Shaoirse Smaointeoireachta 2021.


Cé hé Alexei Navalny?

 

Is buaiteoir Dhuais Sakhrov é Alexei Navalny i mbliana, de réir cinnte de chuid Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli agus ceannairí na ngrúpaí polaitiúla a rinneadh an 20 Deireadh Fómhair 2021. Bhain sé cáil amach as a chuid iarrachtaí léirsiú a eagrú in aghaidh Putin, sheas sé i toghchán na huachtaránachta agus mhol sé leasuithe frith-éillithe.


I Lúnasa 2020, tugadh nimh do Navalny agus chaith sé tréimhse míonna ag teacht chuige féin i mBeirlín. Gabhadh é nuair a d’fhill sé ar Moscó in Eanáir 2021 agus tá sé i gcoilíneacht príosúin ardslándála faoi láthair. Chuaigh Navalny a stailc ocrais i Márta 2021 chun agóid a dhéanamh in aghaidh easpa an chúram sláinte atá ar fáil dó.


I Meitheamh 2021, bhuail cúirteanna de chuid na Rúise an lipéid ‘antoisceach’ ar eagraíocht Navalny, an Fondúireacht Frithéillithe.

Ghlac Feisirí le rún in Eanáir 2021 ina n-éilítear go saorfar Navalny gan mhoill agus gan choinníoll, chomh maith leis na daoine a gabhadh agus iad ag déanamh agóid ar a shon. D’iarr siad ar thíortha AE smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a neartú freisin, d’athdhearbhaigh siad an t-éileamh sin in Aibreáin 2021.


Dhuais Sakharov na Parlaiminte um Shaoirse Smaointeoireachta

Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta á bronnadh go bliantúil ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí a chosnaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha ó 1988 i leith. Tá sé ainmnithe in onóir an fhisiceora agus an easaontóra pholaitiúil Shóivéadaigh, Andrei Sakharov, agus is é EUR 50 000 an duaischiste.


In 2020, bronnadh an Duais ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.


Neart eolais leis an gcaoi a roghnaítear buaiteoir an Dhuais Sakharov inár ngrafaic faisnéise.