Rialachán nua AE: an Gníomh um an Intleacht Shaorga
Rialaítear úsáid na hintleachta saorga in AE leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, an chéad dlí cuimsitheach ar domhan i dtaca le AI. Foghlaim conas a thugtar cosaint duit mar shaoránach.
Mar chuid den aistriú digiteach, teastaíonn ón Aontas Eorpach intleacht shaorga (AI) a rialú chun coinníollacha níos fearr a chruthú d'fhorbairt agus cur i bhfeidhm na teicneolaíochta nuálaí seo. Is féidir iliomad buntáistí a bheith i gceist le AI, ar nós chúram sláinte níos fearr; córas iompar poiblí níos sábháilte agus níos glaine; déantúsaíocht níos éifeachtúlaí agus fuinneamh atá níos saoire agus níos inbhuanaithí.
Chuir an Coimisiún Eorpach an chéad togra i dtaca le creat rialacháin AI faoi bhráid na Parlaiminte i mí Aibreán 2021. Deir sé go ndéantar anailís agus rangú ar chórais AE a úsáidtear in aipeanna éagsúla de réir an riosca a chruthaíonn siad d'úsáideoirí. Braitheann an méid rialúcháin ar leibhéal an riosca.
Cad a bhí á lorg ag Parlaimint i leith na hintleachta saorga
Ceann de na tosaíochtaí a bhí ag an bParlaimint ná cinnte a dhéanamh go bhfuil na córais intleachta saorga atá in úsáid san Aontas sábháilte, trédhearcach, inrianaitheach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhdhíobhálach don timpeallacht. Ní mór ceannas a bheith ag daoine ar chórais AI, in áit córas uathoibrithe a bheith i bhfeidhm, chun cosc a chur le torthaí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dóibh.
Theastaigh ón bParlaimint sainmhíniú a chumadh ar intleacht shaorga atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, aonfhoirmeach agus a d'fhéadfadh a nascadh le córais AI sa todhchaí.
Mar chuid dá straitéis dhigiteach, theastaigh ón Aontas Eorpach smacht a choimeád ar úsáid na hintleachta saorga (A9) chun coinníollacha níos fearr a chur chun cinn dá forbairt. Tá a lán buntáistí ag baint le AI, amhail cúram sláinte níos fearr, córas iompair níos sábháilte agus níos glaine, déantúsóireacht níos éifeachtúlaí agus fuinneamh atá níos saoire agus níos inbhuanaithe.
Rialachán AI san Eoraip: an chéad chreat cuimsitheach
I mí Aibreáin 2021, mhol an Coimisiún Eorpach an chéad dlí AE maidir leis an intleacht shaorga, lena mbunaítear córas aicmithe intleachta saorga rioscabhunaithe. Déantar anailís agus aicmiú ar chórais intleachta saorga is féidir a úsáid i bhfeidhmchláir éagsúla de réir an riosca a bhaineann leo d’úsáideoirí. Ciallaíonn na leibhéil riosca éagsúla ceanglais chomhlíontachta AI a bheag nó a mhór.
Gníomh AI: leibhéil riosca éagsúla, rialacha éagsúla
Leagtar síos oibleagáidí do sholáthraithe agus d'úsáideoirí leis na rialacha nua seo, ag brath ar an aicmiú riosca AI. Bíodh is go mbíonn leibhéal riosca an-íseal ag go leor chórais intleachta saorga, caithfear measúnú a dhéanamh orthu.
Riosca do-ghlactha
Is ionann córais AI le leibhéal riosca do-ghlactha agus córais a cheaptar atá mar bhagairt ar dhaoine agus nach mór cosc a chur leo.
I measc na bhfeidhmchlár AI a bhfuil cosc orthu san Aontas Eorpach, tá:
- Ionramháil chognaíoch iompraíoch ar dhaoine nó ar ghrúpaí leochaileacha faoi leith: bréagáin ghuthghníomhachtaithe a chuireann mí-iompar dáinséarach chun cinn i measc leanaí
- Scóráil shóisialta AI-bhunaithe: daoine a aicmiú de réir iompair, stádais shocheacnamaíoch nó tréithe pearsanta
- Sainaithint bhithmhéadrach agus aicmiú ar dhaoine
- Cianchórais agus córais 'fíor-ama' do shainaithint bhithmhéadrach, ar nós aitheantais aghaidh-aithint in áiteanna poiblí.
Féadfar eisceachtaí a dhéanamh i gcás fhorfheidhmiú an dlí. I gcás coireanna tromchúiseacha atá tar éis faomhadh na cúirte a fháil, úsáidfear cianchórais "fíor-ama" do shainaithint bhithmhéadrach nuair is cás dáiríre atá i gceist agus córais "iar-ama" den chineál céanna nuair a bhíonn moill shuntasach ar an bpróiséas aitheantais.
Riosca ard
Glaofar córais ardriosca AI ar chórais a bhfuil tionchar diúltach acu ar shábháilteacht nó ar chearta bunriachtanacha. Roinntear in dhá chatagóir iad:
1. Córais AI a úsáidtear i dtáirgí atá luaite sa Thogra AE le haghaidh Rialachán Ginearálta um Shábháilteacht Táirgí. Cuirtear bréagáin, eitlíocht, gluaisteáin, feistí leighis agus ardaitheoirí san áireamh anseo.
2. Córais AI i réimsí áirithe nach mór iad a chlárú le bunachar sonraí AE:
- Oibriú agus bainistíocht ar bhonneagar criticiúil
- Oideachas agus gairmoiliúint
- Fostaíocht, bainistíocht ar lucht oibre agus rochtain ar fhéinfhostaíocht
- Leas as seirbhísí príobháideacha agus poiblí bunriachtanacha
- Forfheidhmiú an dlí
- Bainistíocht ar thearmann, imirce agus teorainneacha
- Cúnamh le hateangaireacht dhlíthiúil agus cur i bhfeidhm an dlí
Déanfar measúnú ar na coráis ardriosca AI ar fad sula gcuirtear ar an margadh iad agus le linn a saolré chomh maith. Beidh sé de cheart ag saoránaigh gearán a dhéanamh chuig údaráis náisiúnta maidir le córais AI.
Riachtanais thrédhearcachta
Ní dhéanfar intleacht shaorga ghiniúnach, amhail ChatGPT, a aicmiú mar chóras ardriosca agus beidh uirthi cloí le riachtanais thrédhearcachta agus dlí cóipchirt an Aontais:
- Nochtú go ndearnadh an t-ábhar ag baint leas as AI
- An tsamhail a dhearadh i tslí nach nginfidh sí ábhair mhídhleathacha
- Achoimrí a fhoilsiú ar chóipchirt na sonraí bunaidh a úsáidtear i gcomhair oiliúna
Bheadh gá measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar intleacht shaorga ardtuinsimh a d'fhéadfadh riosca sistéamach gabháil leo, ar nós an leagan AI darbh ainm GPT-4 atá níos faide ar aghaidh ó thaobh forbartha de. Ina theannta sin, bheadh sé riachtanach aon teagmhas tromchúiseach a thuairisciú don Choimisiún Eorpach.
Caithféar lipéad soiléir a chur ar ábhar a ghintear nó a athraítear le AI - amhail íomhánna, comhaid fhuaime nó fhíseán (m.sh domhainbhrionnuithe).
Nuálaíocht agus gnólachtaí nuathionscanta na hintleachta saorga a spreagadh san Eoraip
Is é is aidhm don dlí tacú le nuálaíocht AI agus le gnólachtaí nuathionscanta san Eoraip, rud a chuirfidh ar chumas cuideachtaí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorbairt agus a thástáil sula n-eiseofar go poiblí iad.
Sin é an fáth a n-éilítear leis go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta timpeallacht tástála ar fáil do chuideachtaí le haghaidh AI lena n-ionsamhlaítear dálaí atá gar don fhíorshaol. Cuideoidh sé sin le fiontair bheaga agus mheánmhéide dul san iomaíocht i margadh intleachta saorga an Aontais atá ag fás.
Cur chun feidhme
Tá meitheal curtha ar bun ag an bParlaimint chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. Is mian leis na Feisirí a chinntiú go gcuireann na rialacha a glacadh maidir leis an intleacht shaorga le forbairt na hearnála digití san Eoraip.
Oibríonn an grúpa i gcomhar le hoifig intleachta saorga an Aontais Eorpaigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, oifig a bunaíodh chun príomhfhorálacha an ghnímh a shoiléiriú.
Amlíne chomhlíontachta Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga
I mí an Mheithimh 2024, ghlac an tAontas na chéad rialacha ar domhan maidir leis an intleacht shaorga. Beidh an Gníomh um an Intleacht Shaorga infheidhme go hiomlán 24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm, ach beidh roinnt codanna infheidhme níos luaithe:
- Cosc iomlán ar chórais AI a chruthaíonn riosca do-ghlactha a tháinig i bhfeidhm an 2 Feabhra 2025.
- Cuirfear cóid chleachtais i bhfeidhm naoi mí tar éis a thagann na rialacha i bhfeidhm don chéad uair.
- Cuirfear rialacha maidir le córais AI ilchuspóireacha a chaithfidh cloí le riachtanais thrédhearcachta i bhfeidhm 12 mhí tar éis a thagann na rialacha i bhfeidhm don chéad uair.
Beidh níos mó ama ag córais ardriosca cloí leis na riachtanais toisc go dtiocfaidh a gcuid ndualgaisí i bhfeidhm 36 mhí ón chéad teacht i bhfeidhm.