Teicneolaíochtaí criticiúla: tacaíocht an Aontais dá phríomhthionscail
Tá an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) bunaithe ag an Aontas chun tacú le príomhtheicneolaíochtaí agus chun ceannas na hEorpa a neartú.
Cén fáth ar gá don Aontas infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí?
Ceann de na príomhaidhmeanna straitéiseacha atá ag an Aontas ná iomaíochas gheilleagar na hEorpa a threisiú trí thacú lena hathruithe digiteacha agus glasa. Le blianta beaga anuas, áfach, tá boilsciú ard, ganntanas saothair, bunathruithe shlabhra soláthair, rátaí úis ardaithe agus ardchostais fuinnimh ina dhúshláin do thionscal an Aontais.
Ina theannta sin, tá borradh faoin iomaíochas domhanda, go háirithe i dteicneolaíochtaí atá riachtanach do na bunathruithe geilleagracha atá ag tarlúint, ar nós intleacht shaorga, 5G, leathsheoltóirí, teicneolaíochtaí glasa agus bith-theicneolaíochtaí.
Sin an fáth a bhfuil infheistíocht shuntasach á déanamh ag an Aontas sna tionscail is mó a bhfuil gá acu léi.
Cad is an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, nó STEP, ann?
I mí an Mheithimh 2023, d’fhógair an Coimisiúin Eorpach leasú meántéarmach ar bhuiséad an Aontais do 2021-2027. Mar chuid den phacáiste, mhol siad go mbunófaí STEP. Ionstraim atá san Ardán chun teicneolaíochtaí criticiúla atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a bhfuil baint acu leis na hathruithe glasa agus digiteacha agus le ceannas straitéiseach an AE.
I mí Feabhra 2024, tar éis comhaontú idir fheisirí agus na ballstáit, tháinig an rialachán maidir le bunú an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip i bhfeidhm.
Is é is aidhm don tionscnamh borradh a chur faoi acmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochtaí digiteacha (mar shampla micrileictreonaic, néalríomhaireacht, intleacht shaorga, cibearshlándáil agus 5G), teicneolaíochtaí glana (amhail fuinneamh in-athnuaite, stóráil leictreachais agus teasa, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, breoslaí malartacha inbhuanaithe) agus bith-theicneolaíochtaí (amhail bithmhóilíní, cógaisíocht, teicneolaíochtaí leighis etc.). Neartaíonn sé slabhraí luacha freisin agus tugann sé aghaidh ar ghanntanais saothair agus scileanna sna hearnálacha sin.
Conas a oibríonn an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip?
Déanann an tArdán cistí faoi 11 chlár de chuid an Aontais atá ann cheana a atreorú chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí straitéiseacha agus i ndaoine ar féidir leo iad a chur chun feidhme, deontais a chur ar fáil dóibh agus lipéad barr feabhais a bhronnadh ar thionscadail a bhfuil gealladh fúthu.
Séala STEP
Bronntar lipéad cáilíochta nua de chuid an Aontais, séala STEP, ar thionscadail ardcháilíochta a rannchuidíonn le cuspóirí an ardáin. Tugann sé sin infheictheacht dóibh agus meallann sé infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, toisc go dtaispeántar iad ar dheais agus go n-áirítear iad ar léarscáil idirghníomhach.
Cad a chuir feisirí leis na rialacha?
Mar gheall ar iarrachtaí na Parlaiminte sa chaibidlíocht maidir le seoladh an ardáin:
- tá an rialachán ailínithe níos dlúithe le gníomhartha reachtacha eile arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoin iomaíochas tionsclaíoch – an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla;
- cuirtear cothromaíocht gheografach agus comhlíonadh dhlí an tsaothair san áireamh i nglaonna ar thionscadail STEP;
- baintear Séala STEP má athlonnaíonn cuideachta an tionscadal lasmuigh den Aontas Eorpach;
- ba cheart rochtain níos éasca ar chistiú a bheith ag tionscadail chomhtháthaithe a chomhlíonann cuspóirí STEP.
Áirítear sa chomhaontú idir an Pharlaimint agus rialtais an Aontais maidir le seoladh an ardáin cistiú breise €1.5 billiún don Chiste Eorpach Cosanta chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcosaint.
D’éirigh leis an bParlaimint meastóireacht dhá shraith a éileamh, agus tá meastóireacht eatramhach dlite ag deireadh 2025, chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht maidir le buiséad AE tar éis 2027, agus meastóireacht deiridh dlite in 2031, nuair a bheidh na cláir ábhartha uile dúnta.