Conas atá an tAontas Eorpach ag tacú leis an Úcráin in 2024?
Caith súil ar ár n-amlíne chun léargas a fháil ar an méid atá á dhéanamh ag AE agus Parlaimint na hEorpa chun tacaíocht a thaispeáint don Úcráin in 2024.
Ó thosaigh ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, tá lantacaíocht tugtha ag AE agus an Pharlaimint don Úcráin tríd ionsaithe na Rúise a cháineadh, píonós a ghearradh nuair is gá agus cúnamh a thabhairt i bhfoirm airgid agus ábhair.
Ina theannta sin, tá lámh chúnta tugtha ag an bParlaimint don Úcráin agus iarrachtaí á dhéanamh aici teacht isteach mar bhall den Aontas. Tá tús curtha le cainteanna ballraíochta i measc na mballstát.
Tá an amlíne in ord croineolaíoch droim ar ais, rud a chiallaíonn go bhfuil an eachtra is deireanaí le feiceáil ar barr agus an ceann is sine ar bun.
Conas atá AE agus Parlaimint na hEorpa ag leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht atá á thaispeáint acu don Úcráin in 2024.
Sort the timeline following the topics
Comhoibriú AE-Úcráin
Déanann an Pharlaimint na 1,000 lá ó thosaigh ionradh iomlán na Rúise a chomóradh
Bíonn seisiún iomlánach úrghnách ag Parlaimint na hEorpa le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, ag labhairt le feisirí trí nasc físeáin chun na 1,000 lá ó thosaigh ionradh iomlán na Rúise a chomóradh. Deir Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, go leanfaidh an Pharlaimint uirthi ag seasamh leis an Úcráin go dtí go bhfuil "saoirse agus síocháin cheart" bainte amach aici, "chomh fada agus is gá".
14-11-2024
Smachtbhannaí
Éillíonn an Pharlaimint beart diannteannta AE i gcoinne scáthchabhlach na Rúise
Éillíonn feisirí smachtbhannaí AE níos spriocdhírithe i gcoinne scáthchabhlach na Rúise, mar a thugtar air, lena n-áirítear leas a bhaint as seantancaeir, nach mbíonn árachas orthu agus a bhfuil a n-úinéireacht doiléir. Is chun a amhola agus táirgí peitriliam a easpórtáil thar lear a dhéantar é seo, in ainneoin smachtbhannaí AE, G7 agus idirnáisiúnta.
22-10-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Formheasann an Pharlaimint iasacht chomh hard le €35 billiún don Úcráin á tionlacan ag sócmhainní Rúiseacha
Tugann feisirí a gcead d'iasacht chomh hard le €35 billiún don Úcráin, a haisíocfar sa todhchaí le hioncaim ó shócmhainní reoite na Rúise
19-09-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Feisirí: ní mór don Úcráin a bheith in ann spriocanna míleata dlisteanacha sa Rúis a shárú
D'iarr feisirí ar na ballstáit na srianta atá ann faoi láthair a bhaint a chuireann bac ar Úcráin córais arm an Iarthair a úsáid i gcoinne spriocanna míleata dlisteanacha sa Rúis. I rún, deir na baill nach féidir leis an Úcráin a cheart chun féin-chosaint a fheidhmiú go hiomlán agus go bhfuil sí fós i mbaol ionsaithe ar a daonra agus ar a bonneagar.
24-04-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Dleachtanna agus cuótaí ar allmhairí ón Ucráin fós ar fionraí
Tacaíonn Parlaimint le leathnú amach bhearta sealadacha um léirscaoileadh trádála don Úcráin go dtí mí an Mheithimh 2025. Ag an am céanna, chun cabhair a thabhairt d'fheirmeoirí AE, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach taraifí ar allmhairí ón Úcráin do tháirgí feirmeoireachta má chuireann siad isteach ar an margadh inmheánach.
29-02-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Is í tacaíocht don Úcráin an tslí is fearr dul i ngleic leis an gCreimil
Teastaíonn ó fheisirí go leanfaidh an tAontas Eorpach, a bhallstáit agus pairtnéirí a bhfuil an dearcadh céanna acu orthu ag tabhairt cúnaimh pholaitiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus mhíleata don Úcráin chun dul i ngleic le cleachtais thíoránta agus ionsaitheacha na Creimile. I rún, dúirt siad go bhféadfadh athruithe móra teacht ar an Rúis i gcás lámh in uachtar na hÚcráine uirthi.
27-02-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Formheasann an Pharlaimint €50 billiún don Úcráin mar thacaíocht airgeadais
Tugann feisirí a gcuid tacaíochta do mhaoiniú fadtéarmach don Úcráin agus na hathruithe cuí ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais. Áirítear leis seo an tSaoráid don Úcráin, a bhfuil €50 billiún aige do dheontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí lonnaithe di agus a thaispeánann go seasfaidh an tAontas Eorpach leis an Úcráin chomh fada agus is gá.
Téann feisirí i mbun díospóireachta maidir lena gcuid tacaíochta don Úcráin
Díospóireachtaí idir feisirí maidir le torthaí na gcruinnithe mullaigh is déanaí de chuid an Aontais, an Chomhairle Eorpach faoi leith ón 1ú Feabhra ach go háirithe, inár leagadh béim ar thacaíocht AE don Úcráin.
18-01-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Déanann feisirí Orbán a cháineadh tar éis dó pacáiste cúnaimh don Úcráin a bhlocáil
Déantar Viktor Orbán, Príomh-Aire na hUngáire, a cháineadh tar éis dó cinneadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhuiséad fadtéarmach AE a bhlocáil. Mar chuid den athbhreithniú sin, bhí sé beartaithe ag feisirí cúnamh sa bhreis a thabhairt don Úcráin. Leagadh amach imní na Parlaiminte i rún maidir leis an Ungáir, le feisirí ag rá gur "sarú iomlán ar leasanna straitéiseacha an Aontais iad gníomhartha Búdaipeist agus go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar chomhoibriú macánta acu".
17-01-2024
Comhoibriú AE-Úcráin
Déanann feisirí a gcuid tacaíochta don Úcráin a phlé i ndíospóireachtaí mullaigh AE
Tugann formhór na bhfeisirí ardmholadh do chinntí stairiúla na Comhairle Eorpaí a rinneadh i mí na Nollag 2023 maidir le leathnú amach an Aontais Eorpaigh . Tádar sásta dul i mbun idirbheartaíochtaí ballraíochta leis an Úcráin, ach tá díomá orthu faoin mbuiséad fadtéarmach don Aontas. Ní mór tacaíocht sa bhreis a thabhairt don Úcráin, ach níl cinneadh déanta maidir le cé mhéad airgid atá i ndán di.