Conas foghlaim faoin méid a bhíonn á dhéanamh ag do fheisire agus mar a vótálann siad

Seasann feisirí ar do shon i bpróisis chinnteoireachta an Aontais. Bain leas as na hacmhainní ar shuíomh na Parlaiminte chun foghlaim faoin méid a dhéanann siad agus mar a vótálann siad.

Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ag caitheamh a vóta le linn seisiún iomlánach
Feisirí ag caitheamh a vóta le linn seisiún iomlánach

Bíonn ról lárnach ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i gcóras polaitiúil an Aontais. Bíonn sé de dhualgas orthu rialacha a rachaidh i bhfeidhm ar an mbeagnach 450 milliún duine  atá ina chónaí san Eoraip a ghlacadh nó a leasú. Toghtar feisirí go daonlathach gach cúig bhliain agus bítear ag obair i ngrúpaí polaitiúla éagsúla.


Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta don obair thrédhearcach. Tá áiseanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte chun tuilleadh a fhoghlaim faoin méid a bhíonn á dhéanamh ag na feisirí ar fad i bParlaimint na hEorpa.

Foghlaim faoin méid a bhíonn á dhéanamh ag feisire faoi leith

Caith súil ar leathanach na bhfeisirí chun feisirí a lorg de réir ainm, tíre nó grúpa polaitiúil. Tá a leathanach féin ag gach feisire ar a leagtar amach a a chuid gníomhaíochtaí sa Pharlaimint, chomh maith lena shonraí teagmhála agus sonraí a chuntais mheáin shóisialta.


Ar na leathanaigh seo, is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin tionchar atá ag do fheisire ar pholasaithe an Aontais trí bhreathnú siar ar an méid atá ráite acu i ndíospóireachtaí agus i dtuairiscí. Gheofar eolas sa bhreis sa roinn “Príomhgníomhaíochtaí na Parlaiminte”.


Caith súil ar na roinne darbh ainm “Feisire” agus “Ionadaí”, ina leagtar amach na coistí ina bhfuil siad páirteach. Bíonn sé de dhualgas ar choistí na Parlaiminte seasaimh na Parlaiminte a dhréachtú, bunaithe phríomhchúramaí na bhfeisirí éagsúla.


Tá níos mó ar féidir leat a dhéanamh ar leathanach na bhfeisirí - is féidir na leathanaigh a scagadh de réir grúpa nó comhlacht polaitiúil, amharc ar an liosta iomlán d’fheisirí, foghlaim faoi na rialacha maidir le Trédhearcacht agus Eitic sa Pharlaimint agus leas a bhaint as seirbhísí eile cuardaigh agus eolais.

Féach conas a chaith gach feisire a vóta

Is féidir féachaint ar torthaí gach uile vóta a caitheadh, chomh maith le hainmneacha agus grúpaí na bhfeisirí a chaith a vóta ar son, i gcoinne nó nár vótáil in aon chor ar réimse topaicí éagsúla.

Tabhair faoi deara, chun seisiúin vótála a choinneáil gearr, go dtarlaíonn go leor vótaí trí lámh a ardú, mar sin níl aon rian ann de cé a vótáil i bhfabhar nó i gcoinne rún faoi leith. Féadfar vótaíocht ainmnithe leictreonach a dhéanamh arna iarraidh sin ó ghrúpa polaitiúil nó ó chúigiú cuid ar a laghad de na feisirí go léir. Baintear úsáid as an gcóras vótála leictreonach le rianú freisin le haghaidh gach vótála deiridh ar thuarascálacha. Nuair a bhaineann vótáil le duine ar leith, mar shampla duine a cheapadh chun post, is rúnda an vótáil agus níl aon fhaisnéis ann ar cé acu de na feisirí a vótáil i gcén tslí.

Conas torthaí gach vóta agus eolas faoi na feisirí a chaith a vóta a fháil

  • Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na suíonna iomlánacha, féach ar an táb darbh ainm Vótaí, ansin "Torthaí na vótála" agus roghnaigh an seisiún iomlánach cuí. Maidir le seisiúin iomlánacha níos sine, is féidir leas a bhaint as an bhféilire ar dheis ag bun an leathanaigh.
  • Faoi dháta an vótála, roghnaigh "Torthaí na vótála".
  • Sa liosta a fheictear, aimsigh teideal an vóta a bhfuil spéis agat ann agus roghnaigh é.
  • Sa tábla a thaispeántar, cliceáil ar líon na vótaí, ar an taobh dheis. Beidh an uimhir seo aibhsithe agus féadfar cliceáil air ach amháin i gcás vótaí ainmnithe; ar shlí eile, b'fhéidir nach bhfeicfidh tú ach + le haghaidh tairiscintí a glacadh nó a - le haghaidh cinntí a diúltaíodh.
  • Nuair a roghnófar líon na vótaí, beidh leathanach nua le feiceáil ina léirítear ainmneacha agus grúpaí na bhfeisirí, arna struchtúrú de réir mar a vótáil siad.


Ina theannta sin, toisc go soláthraíonn an Pharlaimint sonraí i bhformáidí oscailte agus inléite ag meaisín, úsáidtear iad ag uirlisí eile nach bhfuil cleamhnaithe leis an bParlaimint chun torthaí vótála nó faisnéis úsáideach eile a thaispeáint.

Féach ar sheisiúin iomlánacha agus cruinnithe coiste


Cuirtear físeáin de bheagnach gach aon rud a tharlaíonn Pharlaimint ar Ionaid Ilmheáin na Parlaiminte, amhail seisiúin iomlánacha, cruinnithe coiste, preasagallaimh agus díospóireachtaí, chomh maith le réimse leathan ábhar físiúil agus fuaime. Is féidir leas a bhaint as an rogha "cuardach" ag barr an leathanaigh chun ábhair a aimsiú ag baint leas as eocharfhocail.


Mar mhalairt air sin, is féidir teacht ar liosta de na seisiúin iomlánacha, cruinnithe coiste, díospóireachtaí agus cineálacha eile físeán fadfhoirme, á scagadh de réir dáta.