An ghéarchéim thithíochta: méadú praghsanna agus gníomhaíocht AE ina leith

Is cúis imní do go leor Eorpach an méadú atá ag teacht ar phraghsanna tithe agus ar chíosanna. Léigh leat le haghaidh fíricí tábhachtacha agus an méid atá á dhéanamh ag AE faoin tsaincheist.

Ar fud na hEorpa, tá sé ag éirí níos deacra áit chónaithe atá inacmhainne, cuibhiúil agus sábháilte a aimsiú. I gcás go leor daoine, tá cíosanna ag méadú níos tapúla ná tuarastail. Mothaíonn siad go bhfuil sé dodhéanta a gcéad teach a cheannach. Cuireann aosaigh óga moill ar bhogadh amach as tithe a dtuismitheoirí, bíonn deacrachtaí ag teaghlaigh tithe níos mó a aimsiú, agus uaireanta bíonn ar oibrithe maireachtáil i bhfad i gcéin óna n-áiteanna oibre. Tá costais tithíochta ag cur brú ar shaol laethúil daoine agus ar phleananna fadtéarmacha daoine.

San alt, mínítear na cúiseanna atá leis an ngéarchéim thithíochta san Eoraip agus tugtar príomhstaidreamh ina leith. Féachtar freisin ar na réitigh phraiticiúla atá á bhforbairt faoi láthair ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine ar thithíocht chuibhiúil, inbhuanaithe agus inacmhainne ar fud na hEorpa.

An bhfuil géarchéim thithíochta san Eoraip i ndáiríre?


Inacmhainneacht tithíochta: príomhstaidreamh


Bealach amháin chun a thomhas an bhfuil costais tithíochta - cíos nó íocaíochtaí morgáiste - ró-ard ná féachaint ar an gcóimheas idir praghsanna tithíochta agus ioncaim. Má tá costais tithíochta níos mó ná 40 % den ioncam indiúscartha, is comhartha é go bhfuil deacrachtaí ag teaghlaigh maidir le tithíocht.

De réir Eurostat, oifig staidrimh AE, in 2024 bhí costais tithíochta in AE os cionn 40 % den ioncam indiúscartha i gcás beagnach 10 % de theaghlaigh i gcathracha AE agus 6.3 % de theaghlaigh i gceantair thuaithe.

Mar sin féin, is saincheist ilghnéitheach í an tithíocht a bhfuil treochtaí éagsúla agus dinimic éagsúil ag baint léi i ngach Ballstát. Mar shampla, bhí costais tithíochta os cionn 40 % dá n-ioncam ag breis agus an ceathrú cuid de na Gréagaigh (29 %) a bhí ina gcónaí i gcathracha, agus ní raibh an fhadhb chéanna ach ag 2.6 % de Chipirigh a bhí ina gcónaí i gcathracha.

Úsáideadh thart ar 35.5 % d’ioncam teaghlaigh sa Ghréig chun costais tithíochta a chumhdach in 2024, arbh ionann é agus an sciar ab airde in AE.

Méadú ar phraghsanna tithe agus ar chíosanna

Idir 2015 agus 2024, tháinig méadú 53 % ar an meán ar phraghsanna tithe in AE. Chonacthas na méaduithe ba mhó san Ungáir (+209.5 %), sa Liotuáin (+135 %) agus sa Phortaingéil (+124.4 %).

Tá cíos in AE tar éis éirí níos costasaí freisin. Idir 2010 agus an chéad ráithe de 2025, tháinig méadú 27.8 % ar an meán ar phraghsanna cíosa. Tháinig méadú ar chíosanna i dtíortha uile AE seachas an Ghréig (-11 %). Ba san Eastóin (+ 220 %), sa Liotuáin (+ 184 %), san Ungáir (+ 124 %) agus in Éirinn (+ 115 %) a bhí na méaduithe ba mhó.

Cén fáth a bhfuil géarchéim thithíochta san Eoraip?

Cuireann institiúidí AE in iúl go bhfuil soláthar teoranta ar cheann de na príomhchúiseanna leis an ngéarchéim thithíochta. Ós rud é nach bhfuil go leor teaghaisí nua ann chun freastal ar an éileamh ar thithíocht, is gnách go méadaíonn praghsanna.

Mheas an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) go raibh 2.25 milliún aonad tithíochta breise ag teastáil ó AE in 2025. Bhí sé sin thart ar 50 % níos mó ná líon na dtithe a bhí á dtógáil i ndáiríre.

Cén fáth a bhfuil ganntanas tithíochta ann?


Ról na géarchéime airgeadais agus phaindéim COVID-19

Mar thoradh ar ghéarchéim airgeadais dhomhanda 2008, tháinig laghdú mór ar infheistíocht i dtithíocht nua. De dheasca phaindéim COVID-19, cuireadh moill bhreise ar fhoirgníocht chónaithe trí chur isteach ar phróisis cheadaithe, trí mhoill a chur ar sheachadtaí ábhar agus trí ghanntanais lucht saothair a chruthú.

Tá an t-éileamh ar thithíocht i gcathracha ag dul i méid

De réir mar a leanann cathracha de dhaoine a mhealladh chun obair agus staidéar a dhéanamh iontu, tá daonraí ag éirí níos comhchruinnithe i lárionaid uirbeacha mhóra agus mheánmhéide. San am chéanna, tá dídhaonrú leanúnach roimh go leor ceantair thuaithe.
Géaraíonn an éagothroime sin an chodarsnacht idir an t-éileamh atá ag méadú as cuimse ar thithíocht agus plódú i gcathracha agus an líon méadaitheach tithe folmha faoin tuath.

Níl go leor tithíocht shóisialta ann

Ag an am céanna, níor choinnigh an soláthar tithíochta sóisialta i lárionaid uirbeacha suas leis an bhfás daonra le blianta beaga anuas. In 2021, bhí thart ar 14 mhilliún teaghais tithíochta sóisialta ar fud an Aontais, agus ní raibh iontu ach 8 % den stoc iomlán (laghdú ó 11 % in 2010).

Lóistín ar chíos gearrthéarmach

I gcathracha cois cósta agus i gcinn scríbe turasóireachta, is féidir an ganntanas tithíochta a mhíniú go páirteach freisin leis an méadú ar lóistín ar chíos gearrthéarmach. Ós rud é gur tháinig borradh faoin margadh sin le blianta beaga anuas, rinneadh sciar de thithe agus d’árasáin a atreorú ó chónaitheoirí fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

In 2024, cuireadh 854.1 milliún oíche aíochta san iomlán in áirithe in AE trí bhíthin ceithre ardán mhóra ar líne (Airbnb, Booking, Expedia Group agus Tripadvisor); ba mhéadú 18.8 % é sin i gcomparáid le 2023 (719.0 milliún oíche aíochta), an leibhéal ab airde riamh.

Cén tionchar atá ag an ngéarchéim ar Eorpaigh?

Tá bearnaí agus neamhionannais tithíochta in AE fréamhaithe go domhain agus tagann siad chun cinn ar go leor bealaí éagsúla.

Díothacht tithíochta, tithe plódaithe, ró-ualach costais

Léirítear i dtaighde na Parlaiminte go bhfuil teaghlaigh ar ioncam íseal i measc na dteaghlach is mó a dhéanann an ghéarchéim thithíochta difear dóibh, agus go bhfuil os cionn 27 % de theaghlaigh ar ioncam íseal thíos leis an ró-ualach costais is airde agus le diandíothacht tithíochta.Sainmhínítear spás maireachtála leormhaith mar sheomra amháin ar a laghad in aghaidh na lánúine fásta, duine fásta aonair, beirt siblíní idir 12 bhliain d’aois agus 17 mbliana d’aois, leanbh aonair os cionn 12 bhliain d’aois, nó beirt leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois, ach tá 17 % d’Eorpaigh ina gcónaí i dtithe plódaithe nach soláthraíonn é sin.
Tá an staid níos géire fós d’imircigh agus do mhionlaigh eitneacha: tá os cionn 33 % de shaoránaigh nach saoránaigh AE iad ina gcónaí i dtithíocht plódaithe (i gcomparáid le thart ar 14 % de náisiúnaigh AE), agus ag an am céanna tá ró-ualach costais tithíochta ar 19 % díobh (i gcomparáid le thart ar 8 % de náisiúnaigh AE).
Bíonn tionchar ag an easpa tithíochta leormhaithe ar dhaoine faoi mhíchumas freisin, agus tuairiscíonn níos lú ná 29 % díobh go bhfreastalaíonn a dtithe ar a riachtanais. Bíonn rátaí ró-ualaigh costais níos airde ag an ngrúpa sin freisin ná mar a bhíonn ag an bpobal i gcoitinne.

An tslí a ndéanann an margadh tithíochta difear do dhaoine óga

Tá tionchar ag na praghsanna tithe atá ag méadú ar na milliúin saoránach de AE, ach tá tionchar ar leith ag an méadú sin ar dhaoine óga. In 2023, d’fhág daoine óga ar fud an Aontais an teach tuismitheora ar an meán ag 26 bliana d’aois, agus i mBallstáit áirithe ní raibh an dara rogha ag beagnach 70 % d’aosaigh óga idir 18 mbliana d’aois agus 34 bliana d’aois ach leanúint de bheith ina gcónaí lena dtuismitheoirí.
Cuireann na moilleanna sin maidir leis an teach teaghlaigh a fhágáil leis an neamhionannas ó ghlúin go glúin, rud a chuireann iallach ar ghlúnta óga cinntí tábhachtacha saoil a chur siar, amhail clann a thosú, maireachtáil go neamhspleách nó athlonnú ar chúiseanna gairmiúla.

Conas dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta: míniú ar ghníomhaíocht AE

Cé gurb iad na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla is mó atá freagrach as an mbeartas tithíochta, tá bunchúiseanna comhroinnte ag teacht chun cinn ar fud thíortha AE. Chuige sin, tá gá le cur chuige rialachais il-leibhéil lena n-urramaítear saintréithe sonracha gach margaidh tithíochta náisiúnta.

Tá tithíocht inacmhainne ar bharr chlár oibre polaitiúil AE

Sin é an fáth, tar éis thoghcháin Eorpacha 2024, ar shainaithin Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tithíocht mar cheann de thosaíochtaí sóisialta an Aontais don téarma nua, agus ar ainmnigh sí Dan Jørgensen mar an chéad Choimisinéir um Thithíocht riamh de chuid an Aontais.

Bhunaigh Parlaimint na hEorpa coiste speisialta in 2025 chun anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna na géarchéime tithíochta agus chun bealaí a mholadh a bhféadfadh AE cabhrú le dul i ngleic léi.

Cistiú AE a mhéadú le haghaidh tithíocht inacmhainne

In 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta plean gníomhaíochta chun thart ar €10 mbilliún a infheistiú sa dá bhliain ina dhiaidh sin. Is é an aidhm atá ann tionscadail a mhaoiniú ar mhaithe le tithe nua, stoc tithíochta atá ann cheana a athchóiriú, agus taighde agus nuálaíocht a dhéanamh in ábhair thógála agus san fhoirgníocht.

Chomh maith leis sin in 2025, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa rialacha nua maidir le cistiú comhtháthaithe agus sóisialta AE ionas gur féidir é a leithdháileadh chun an stoc tithíochta atá ann cheana a uasghrádú agus chun infheistíocht a dhéanamh i bhfoirgníocht nua, agus béim ar leith á leagan ar thithíocht shóisialta. D’iarr na Feisirí freisin ar thíortha AE a gcistiú le haghaidh tithíocht inacmhainne ‘a dhúbláil ar a laghad’.

Tá tuilleadh réiteach AE ar na bacáin

Ar deireadh, sa ‘Phlean um Thithíocht Inacmhainne’ ón gCoimisiún a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2025 agus sna tograí ó Pharlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2026, leagtar amach céimeanna praiticiúla chun caighdeáin tithíochta a mhéadú, acmhainneacht foirgníochta agus athchóirithe na hEorpa a leathnú, agus tacaíocht airgeadais a dhíriú orthu siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéim.

Meastar go dtiocfaidh na tosaíochtaí sin i ngníomh i rith 2026, agus go mbeidh tograí agus reachtaíocht nua dírithe ar an méid seo a leanas:

  • srian a chur le tionchar lóistín ar chíos gearrthéarmach,
  • ceadanna tógála agus athchóirithe a bhrostú agus a shimpliú,
  • infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon a chur ar fáil,
  • dul i ngleic leis an nganntanas lucht saothair in earnáil na foirgníochta, agus
  • táirgiúlacht agus nuálaíocht san fhoirgníocht a neartú.