An géarchéim tithíochta san Eoraip - na fíricí is tábhachtaí agus gníomhaíochtaí an Aontais (grafaicí faisnéise)

Is údar imní do líon mór daoine Eorpacha é an t-ardú atá tagtha ar chostais tithíochta agus ar chíosanna. Leagtar na fíricí cuí agus gníomhachtaí AE ina thaobh amach thíos.

Le deich mbliana anuas, tá ardú suntasach tagtha ar phraghsanna tithíochta, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do dhaoine áiteanna inacmhainne a aimsiú le maireachtáil iontu. Bíonn tionchar ar leith ar Eorpaigh óga, rud a fhágann teach a dtuismitheoirí níos déanaí.

Mar fhreagairt air sin, tá an chéad Choimisinéir um Fhuinneamh agus Tithíocht ceaptha ag an gCoimisiún Eorpach agus tá coiste speisialta bunaithe ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an ngéarchéim tithíochta chun réitigh a fhorbairt le haghaidh tithíocht chuibhiúil, inbhuanaithe agus inacmhainne ar fud na hEorpa.

Cé chomh hinacmhainne is atá an tithíocht san Eoraip: príomhstaitisticí


Bealach amháin chun a thomhas an bhfuil costais tithíochta ró-ard is ea breathnú ar an gcóimheas idir praghas tithíochta agus ioncam. Má tá costais tithíochta os cionn 40% den ioncam indiúscartha, is comhartha é go mbíonn fadhbanna ag teaghlaigh le tithíocht.


In 2024, bhí na costais tithíochta san Aontas os cionn 40% den ioncam indiúscartha i gcás 9.8% de theaghlaigh i gcathracha an Aontais agus 6.3% de theaghlaigh i gceantair thuaithe.


Bhí costais tithíochta os cionn 40% den ioncam ag breis agus an ceathrú cuid de na Gréagaigh (29%) a bhí ina gcónaí i gcathracha, agus ní raibh an fhadhb chéanna ach ag 2.3% de mhuintir na Cipire i gcathracha.  Úsáideadh thart ar 35.5% d’ioncam teaghlaigh sa Ghréig chun costais tithíochta a chumhdach in 2024, an sciar is airde san Aontas.

An méadú atá tagtha ar chostais tithíochta in AE


Tháinig ardú meánach de 48% ar chostais tithíochta san Aontas idir 2015 agus 2023. Bhí an t-ardú is mó le feiscint san Ungáir, le méadú 173% ar phraghsanna, agus an cheann is lú san Fhionlainn, áit nach raibh ach méadú 5%.

53%

An meánárdú a tháinig ar chostais tithíochta in Éireann idir 2015 agus 2024

Bhí sé níos costasaí cíos a fháil san Aontas freisin. Idir 2010 agus an chéad ráithe de 2025, tháinig méadú 27.8% ar phraghsanna cíosa ar an meán. D'ardaigh cíosanna i dtíortha uile an AE seachas an Ghréig (-11%). Ba iad na harduithe ba mhó san Eastóin (+220%), sa Liotuáin (+184%), san Ungáir (+124%) agus in Éirinn (+115%).

Tá sé seo i bpáirt mar gheall ar mhéadú ar chíosanna gearrthéarmacha, a thóg tithe agus árasáin amach as an margadh.

Ról an ghanntanais tithíochta sa ghéarchéim


Tugann an Banc Eorpach Infheistíochta le fios go bhfuil an soláthar teoranta ar cheann de na príomhchúiseanna leis an bhfadhb a bhaineann le tithíocht.


Mar thoradh ar ghéarchéim airgeadais dhomhanda 2008 tháinig laghdú mór ar infheistíocht i dtithíocht nua. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, bhí an tógáil chónaithe níos moille fós. Tháinig laghdú níos mó ná 20% ar cheadanna tógála d’fhoirgnimh chónaithe ó bhí 2021 ann. Gan go leor áiteanna cónaithe nua chun freastal ar an éileamh, is gnách go n-ardaíonn praghsanna.

Dálaí tithíochta san Eoraip


Tá an-chuid daoine Eorpacha buartha faoin ardú atá tagtha ar phraghsanna, ar an gcostas maireachtála agus, chomh maith leis sin, faoin staid eacnamaíoch. De réir shuirbhé Eorabharaiméadair Iúil 2024, b'iadsan na príomhchúiseanna gur vótáil daoine sna toghcháin Eorpacha.

Cad iad na nósanna maireachtála atá ag formhór na ndaoine san Eoraip?

  • Tá cónaí ag níos mó dhá thrian de dhaoine Eorpacha i dtithe a bhfuil úinéireacht acu orthu
  • Tá 1.7 seomra ann ar an meán in aghaidh an duine
  • Tá 2.3 duine ann ar an meán in aghaidh an teaghlaigh
  • Tá cónaí ag 17% d'Eorpaigh i dtithe a bhfuil ganntanas spáis iontu (seomra amháin in aghaidh an lanúin, duine fásta atá singil, péire deartháireacha nó deirfiúracha in aois 12-17, páistí aonaracha atá níos sine ná 12 nó péirí páistí faoi 12)
  • Tá cónaí ag 33% de dhaoine Eorpacha i dtithe a bhfuil níos mó spáis iontu ná mar a bhíonn i dtithe leordhóthanacha de ghnáth
  • Foinse: Eurostat (2024)

An tionchar a bhíonn ag an margadh tithíochta ar dhaoine óga


D'fhéadfadh costais tithíochta a bheith ar cheann de na tosca a mheasann daoine óga agus iad ag smaoineamh ar bhogadh amach as teach an teaghlaigh agus ar an saol a thosú leo féin. Tá tosca eile, a luaigh Eurostat, i gcaidreamh, i staid an mhargaidh fostaíochta, i nósanna cultúrtha agus sa chostas maireachtála i gcoitinne. San Aontas, ba é 26,2 bliain an mheánaois chun an teaghlach tuismitheora a fhágáil in 2024. Tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis sin: ó 21.4 bliain san Fhionlainn go 31.3 bliain sa Chróit.

Cad atá á dhéanamh ag AE maidir leis an ngéarchéim tithíochta?


Ghlac Parlaimint rún in 2021 ag iarraidh ar thíortha AE aitheantas a thabhairt do thithíocht leordhóthanach mar cheart bunúsach ar féidir reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar a shon. Ní mór fáil a bheith ag gach éinne ar thithíocht mhaith agus "sláintiúil" le rochtain acu ar uisce óil ardchaighdeáin, sláintíocht leordhóthanach, camras agus fuinneamh iontaofa, a dúirt feisirí.

Thogh feisirí Ursula von der Leyen le haghaidh dara téarma mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh i mí Iúil 2024. Mar chuid de ráiteas a chur sí amach roimh thús an phróisis vótála, d'fhógair von der Leyen go mbeidh ceist na tithíochta ar cheann de na tosaíochtaí sa téarma nua. Ina theannta sin, dúirt sí go mbeidh coimisinéir atá freagrach as tithíocht ag an Aontas den chéad uair riamh.


Chuir an Pharlaimint coiste speisialta ar bun ar cheart dó anailís a dhéanamh ar na bunchúiseanna agus réitigh a mholadh maidir leis an gcaoi ar cheart do AE dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhaineann le tithíocht. Cuireadh síneadh sé mhí le sainordú tosaigh bliana an choiste go dtí an 30 Iúil 2026.

I mí an Mhárta 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta pleananna le haghaidh infheistíochtaí dar luach thart ar €10 mbilliún sa dá bhliain ina dhiaidh sin i dtithíocht inacmhainne inbhuanaithe.


Sheol Dan Jørgensen, an chéad choimisinéir AE riamh um thithíocht, comhairliúchán poiblí mór in 2025 d’fhonn plean tithíochta inacmhainne a fhorbairt don Aontas.


I mí Mheán Fómhair 2025, d’fhormheas an Pharlaimint rialacha nua maidir le comhtháthú agus cistiú sóisialta AE, lena gceadaítear acmhainní den sórt sin a leithdháileadh ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe. D’iarr na Feisirí freisin ar thíortha an Aontais a maoiniú do thithíocht inacmhainne a mhéadú faoi dhó ar a laghad chun géarchéim tithíochta an Aontais a réiteach, géarchéim a ndearna siad cur síos uirthi mar ghéarchéim thromchúiseach.