Cluiche Rólghníomhaíochta 

Cluiche Rólghníomhaíochta

An Bhruiséil
An Parlamentarium

Cuir tú féin in áit Feisire de Pharlaimint na hEorpa Is féidir le daltaí meánscoile dianchúrsa i reachtóireacht na hEorpa a dhéanamh agus reachtaíocht nua á caibidliú acu don Aontas Eorpach.

14
18
bliana
150'
16-32
24

Cluiche Rólghníomhaíochta

An Bhruiséil
An Parlamentarium
14
18
bliana
150'
16-32
24

Tá an cluiche rólghníomhaíochta ceaptha le haghaidh daltaí meánscoile idir 16 agus 25 bliana d’aois, agus taispeánann sé dóibh an próiseas ina gcaibidlítear reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Roinntear lucht na rólghníomhaíochta i ngrúpaí polaitiúla samhailteacha agus cuireann siad iad féin in áit Fheisirí Pharlaimint na hEorpa. Trí dhíospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna agus téamaí reatha, foghlaimíonn siad conas a chruthaítear reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus conas a chruthaítear todhchaí na hEorpa.

Nochtann an cluiche rólghníomhaíochta an próiseas reachtach ina iomláine, idir dhul i gcomhairle le grúpaí sainleasa agus comhaontais a dhéanamh agus chaibidliú le hinstitiúidí eile agus labhairt leis na meáin.

Maireann an cluiche 2 ½ uair an chloig; ní mór e a cur in áirithe roimh ré agus tá sé saor in aisce. Bíonn cluichí ar siúl uair amháin tráthnóna Dé Luain agus dhá uair in aghaidh an lae ó Dé Máirt go dtí Dé Domhnaigh. Ba cheart go mbeadh 16 dhalta ar a laghad sa ghrúpa agus gan níos mó ná 32 dhalta ann.

Ós rud é go bhfuil ardéileamh ar na cluichí, moltar réamháirithint a dhéanamh ar an gcluiche rólghníomhaíochta ar 4 mhí roimh ré ar a laghad.

Dúntar an Parlamentarium: an 1 Eanáir / an 1 Bealtaine / an 1 Samhain / agus an 24, 25, 31 Nollaig.

An Parlamentarium

Esplanade Solidarność 1980
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine dalla
Caifé
Réitigh do dhaoine bodhra
Bialann
Stóras bagáiste
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil

Lean le do chuairt

  

An Parlamentarium

An Bhruiséil
An Parlamentarium
60'
6
24

Euroscola

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
16
18
bliana

Cruinniú Eorpach um an Óige

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
16
30
bliana
2 latha
10-50
EN, FR, DE

Cluiche Rólghníomhaíochta Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
16
30
bliana
150'
16-32
24