Lá an Ilteangachais 2019 

Spotlight
28-09-2019

Lá an Ilteangachais 2019

An Bhruiséil
Seomra Tionóil

Is éard atá i Lá an Ilteangachais 2019 ná do dheis chun éachtaint a fháil ar Parlaimint na hEorpa agus ar conas a oibríonn sí i 24 theanga.

0
99
bliana
1
24

Lá an Ilteangachais 2019

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
0
99
bliana
1
24

Is éard atá i Lá an Ilteangachais ná do dheis chun éachtaint a fháil ar Parlaimint na hEorpa agus ar conas a oibríonn sí i 24 theanga. Beidh tú in ann bualadh le hateangairí agus le haistritheoirí, éachtaint a fháil ar a gcuid oibre agus eolas a chur ar Sheomra Tionóil an tseisiúin iomlánaigh.

Leis an ilteangachas, áirithítear gur féidir le gach Eorpach leas a bhaint as a dteanga féin chun obair a n-ionadaithe daonlathacha a leanúint sa pharlaimint is ilteangaí ar domhan. Is ceann de láidreachtaí na hEorpa í an éagsúlacht teanga agus chultúrtha agus tá sí fite fuaite mar bhunluach sna conarthaí Eorpacha. Dúirt Umberto Eco mar theangeolaí agus mar fhealsúnaí, ‘is é an t-aistriúchán teanga na hEorpa’. Is é Lá an Ilteangachais do dheis chun an teanga seo a fheiceáil i mbun gnímh.

Is féidir leat páirt a ghlacadh i Lá an Ilteangachais 2019 i Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa agus ag Áras Stair na hEorpa.

Limistéar cuairteoirí an tSeomra Tionóil

Gníomhaíochtaí (10.00-18.00)

Cuir eolas ar ilteangachais le gníomhaíochtaí spraíúla.

Urlár na talún

  • Teanga na saoránach i gceardlann téacs, fuaime agus físe: Cuir eolas ar thábhacht agus ar thionchar na cumarsáide ilteangaí
  • Both grianghraf: Faigh cuimhneachán ó lá an ilteangachais duit féin
  • Both fuaime: Féach conas mar a thaifeadtar podchraoltaí i bParlaimint na hEorpa agus déan do phodchraoladh féin a thaifeadadh
  • Cúinne taifeadta "My House of European History": Glac suíochán agus cuir do scéal Eorpach leis an tionscadal comhoibríoch staire sin
  • Cúinne na leanaí: Dathú aghaidheanna agus deis chun tatú (sealadach) a thabhairt abhaile leo
 

An 4ú hUrlár

  • Bothanna ateangaireachta: Féach le dreas ateangaireachta i do theanga dhúchais a dhéanamh sna bothanna ina oibríonn ateangairí
  • Cluichí aistriúcháin: Déan do scileanna teanga a thástáil ar bhealach spraíúil
  • Aistriúchán & ceardlanna teanga shoiléire: Bí i d’aistritheoir ag obair ar fhíorthéacs. Is gá clárú ag an mbealach isteach

Cuir eolas ar Sheomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa (10.30-17.30, gach 30 nóiméad)

Trí bhíthin cur i láthair, lena n-áirítear dreas Ceisteanna agus Freagraí, cuir eolas ar an ionad ina dtarlaíonn díospóireachtaí agus mar a ndéantar vótáil. An 4ú hUrlár. In Ísiltíris, i mBéarla, i bhFraincis, agus i nGearmáinis.
 

Cainteanna le haistritheoirí agus le hateangairí

Cuir eolas níos doimhne ar cheird an aistriúcháin agus na hateangaireachta trí bhíthin cainteanna ar feadh 30 nóiméad agus dreasa Ceisteanna agus Freagraí. Déantar gach caint a thiontú go hÍsiltíris, go Béarla, go Fraincis, agus go Gearmáinis.

Urlár na talún

10:30 – 11:00: Ceisteanna agus Freagraí le haistritheoirí: cleasa na ceirde

11:00 – 11:30: Conas a bheith i d’ateangaire

11:30 – 12:00: Todhchaí an aistriúcháin

12:00 – 12:30: Cleasa cheird na hateangaireachta

12:30 – 13:00: Ateangairí agus aistritheoirí Parlaimint na hEorpa ag obair duitse

14:30 – 15:00: Conas a bheith i d’ateangaire

15:00 – 15:30: Teanga Shoiléir, torthaí soiléire

15:30 – 16:00: Cleasa cheird na hateangaireachta

16:00 – 16:30: Ceisteanna agus Freagraí le haistritheoirí: cleasa na ceirde

Seastán TRANSPOESIE

Faigh amach faoin bhféile uathúil filíochta seo do Lá Eorpach na dTeangacha agus na hÉagsúlachta Teangacha.

Áras Stair na hEorpa

Stair na héagsúlachta teanga – turas 45-nóiméad

Glac páirt i gceann de na turais ina ndéanfar stair na dteangacha san Eoraip a chíoradh. Bainfear feidhm as scéalta agus as réada sa taispeántas chun a thaispeáint conas mar a mhúnlaigh teangacha an éagsúlacht shaibhir atá le fáil san Eoraip.

Cláraigh: historia-learning@ep.europa.eu nó ar an lá ag fáiltiú an mhúsaem.

Sceideal: Béarla 10.00, Gearmáinis 11.00, Fraincis 14.00, Ísiltíris 15.00

Seomra Tionóil

Foirgneamh Willy Brandt
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Wi-fi

Eolas praiticiúil