Stáisiún na hEorpa 

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa

Cuir tús le do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil ag Stáisiún na hEorpa, suite ar an gcearnóg bhríomhar Place du Luxembourg. Má tá a fhios agat go díreach céard ba mhaith leat a fheiceáil nó mura bhfuil tú ach fiosrach, tá gach eolas ar fáil ag Stáisiún na hEorpa chun an leas is fearr a bhaint as do chuairt.

15'
1
24

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa

Suite san fhoirgneamh ina mbíodh stáisiún traenach ‘Brussels-Luxembourg’ tráth, is sárnasc é Stáisiún na hEorpa idir stair an cheantair, Ceantar Leopold, agus ról an cheantair sa lá atá inniu mar chroílár an daonlathais Eorpaigh, agus tá rud ar fáil do gach duine ann.
 
Féach ar Pharlaimint na hEorpa tagtha chun beatha le samhail réaltachta breisithe den champas. Nó téigh ag tóraíocht trí stair Pharlaimint na hEorpa ag na táblaí scáileáin tadhaill agus féach cé acu de na daoine inspioráideacha is fearr leat a bhfuil a lorg á leanúint agat. Tá mionsamhlacha lánléargais ann lena ligtear duit súil a chaitheamh ar an am atá thart agus féachaint trí na poill amhairc ar radharcanna éagsúla de Pharlaimint na hEorpa ag tréimhsí éagsúla óna stair.

Is é Stáisiún na hEorpa ina thairseach na Bruiséile duit freisin agus tá an suíomh visit.brussels ann chun blaiseadh a thabhairt duit ar a bhfuil ar fáil i bpríomhchathair na Beilge.

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine Satharn - Domhnach
09:00 - 18.00 10:00 - 18:00
Luan go hAoine
09:00 - 18.00
Satharn - Domhnach
10:00 - 18:00
 
 

Dúnta an 1 Eanáir, an 1 Bealtaine, an 1 Samhain, 24, an 24, 25 agus 31 Nollaig.

Stáisiún na hEorpa

Place du Luxembourg / Luxemburgplein 100
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

How to get there

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Solutions for blind people
Solutions for deaf people
Motor disability
Wifi

Eolas praiticiúil

Continue your visit

  

An Parlamentarium

An Bhruiséil
An Parlamentarium
90'
10
24

Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
30-90'
10-100
24

Áras Stair na hEorpa

An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa
90'
10-150
24

Cluiche Rólghníomhaíochta

An Bhruiséil
An Parlamentarium
14
18
years
150'
16-32
24