Esplanade Solidarność 1980 

Esplanade Solidarność 1980

An Bhruiséil
Esplanade Solidarność 1980

Nascann an Esplanade foirgnimh Pharlaimint na hEorpa gan uaim leis an limistéar máguaird. Tabhair cuairt ar Agora Simone Veil ina lár chun taispeántas an spéirchosáin a fheiceáil.

Esplanade Solidarność 1980

An Bhruiséil
Esplanade Solidarność 1980

Tugann Esplanade Solidarność 1980 – agus Agora Simone Veil i lár baill, sainmhíniú ar láithreán Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, ina nasctar a foirgnimh agus Place du Luxembourg, stáisiún traenach na Bruiséile-Lucsamburg agus Parc Léopold. Is áit iontach í chun ceapaire a fháil, leabhar a léamh, nó díreach atmaisféar Pharlaimint na hEorpa a thógaint isteach fiú.

SOLIDARNOŚĆ 1980 – píosa staire

Bunaíodh Solidarność sa Pholainn i 1980 le linn sraith stailceanna in aghaidh réimeas ollsmachtach na tíre. Chuaigh deich milliún Polannach isteach sa cheardchumann neamhspleách agus féinrialaitheach seo. D’fhreagair an réimeas le géarleanúintí, gabhálacha agus dúnmharú lucht freasúra polaitiúil. Ach ar deireadh mar gheall ar na hathruithe ar chuir Solidarność tús leo thosaigh caibidlíochtaí síochánta leis an rialtas cumannach, a raibh na chéad toghcháin a bhí saor go páirteach mar thoradh orthu i Meitheamh 1989. I ndiaidh na dtoghchán sin, bhí an Pholainn ar an gcéad tír i lár agus in oirthear na hEorpa a raibh rialtas neamhchumannach i gceannas uirthi. Ina sheal, cuireadh tús le hathruithe daonlathacha i dtíortha eile – agus dá bharr sin, thit an Cuirtín Iarainn agus aontaíodh an Eoraip.

Cúlra ailtireachta mórthaibhseach

Tá Agora Simone Veil i lár Esplanade Solidarność 1980 agus tugann sé cúlra ailtireachta mórthaibhseach don áit. Is áit iontach é chun sásamh a bhaint as ailtireacht mhórthaibhseach fhoirgnimh Altiero Spinelli, Willy Brandt agus Joszef Antall a bhaineann le Parlaimint na hEorpa. Ainmníodh na trí fhoirgneamh uile (mar aon le foirgnimh eile de chuid Pharlaimint na hEorpa) as pearsana tarraingteacha a raibh ról tábhachtach acu i gcruthú an Aontais Eorpaigh.

Mol dinimiciúil

Óstálann Esplanade Solidarność 1980 breis agus 40 imeacht poiblí gach bliain, imeachtaí a bhíonn á reáchtáil ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ag eagraíochtaí eile. Coimeád súil ar an gclár oibre!

An duine thú a eagraíonn imeachtaí poiblí?

D’fhéadfadh gurbh é Esplanade Solidarność 1980 an áit is fearr chun d’imeacht a óstáil! Déanann coiste a dhéanann ionadaíocht ar Pharlaimint na hEorpa agus na húdaráis áitiúla gach iarraidh a mheasúnú i gcomhréir le dianchritéir.

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na nósanna imeachta, téigh i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa nó le hÚdarás bardasach Ixelles.

Doiciméid úsáideacha:

Map

Esplanade Solidarność 1980

Place du Luxembourg / Luxemburgplein 100
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Míchumas luaile

Eolas praiticiúil