Tá na ranna beartais freagrach as saineolas agus comhairle beartais a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí parlaiminteacha éagsúla, go sonrach na coistí. Ar bhonn anailísí a dhéantar go hinmheánach nó go seachtrach, soláthraíonn na ranna beartais faisnéis neamhspleách, speisialaithe, oibiachtúil ar ardchaighdeán agus atá cothrom le dáta i ngach réimse de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte.
Tugann ranna beartais anailísí beartais i réimse leathan formáidí, níos minice ná a mhalairt mar fhreagairt ar iarraidh ó choiste nó ó thoscaireacht den Pharlaimint. Sa bhunachar sonraí seo, tá teacht agat ar théacsanna a réimsíonn ó staidéir agus ó ghrinnanailísí atá sonrach do thír nó do shaincheist go dtí faisnéisiú (briefings). Fónann an t-aschur scríofa do chuspóirí éagsúla trí rannchuidiú go díreach leis an obair reachtach atá ar siúl ag coiste ar leith, nó fónann sé mar fhaisnéisiú do thoscaireachtaí na bhFeisirí