Déanann gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh i réimse an chultúir beartas cultúrtha na mBallstát a chomhlánú i réimsí éagsúla, amhail oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú, comhar idir institiúidí cultúrtha tíortha éagsúla agus cur chun cinn na soghluaisteachta i measc oibrithe cruthaitheacha. Tá tionchar freisin ag forálacha na gConarthaí nach mbaineann go sainráite leis an gcultúr ar earnáil an chultúir.

Bunús dlí agus cuspóirí

Cuirtear béim mhór ar thábhacht an chultúir i gConradh Liospóin: i mbrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE), déantar tagairt shainráite d’inspioráid a fháil ó ‘oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa’. Ceann de phríomhaidhmeanna AE, mar a shonraítear sa Chonradh, ná go n-urramóidh sé ‘saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga’ agus go n-áiritheoidh sé ‘go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’ (Airteagal 3 CAE). In Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), deirtear go mbeidh, i réimse an chultúir, ‘inniúlacht ag AE gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh’.

Tugtar tuilleadh sonraí in Airteagal 167 CFAE maidir le gníomhaíocht AE i réimse an chultúir: ní foláir go rannchuideoidh AE le borradh chultúir na mBallstát, agus a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach á hurramú agus an chomhoidhreacht chultúrtha á tabhairt chun cinn. Ba cheart go spreagfadh gníomhaíochtaí AE comhar idir na Ballstáit agus go dtacófaidís lena ngníomhaíocht, agus go ndéanfaidís iad a fhorlíonadh, maidir le feabhas a chur ar eolas agus ar scaipeadh chultúr agus stair phobail na hEorpa.

Sonraítear in Airteagal 13 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) go mbeidh ‘na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shrianta’. Thairis sin, de réir Airteagal 22 den Chairt, ‘déanfaidh AE an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú’.

A bhfuil bainte amach

A. Forbairtí beartais

1 An Clár Oibre Eorpach don Chultúr

An 22 Bealtaine 2018 ghlac an Coimisiún Clár Oibre Nua Eorpach don Chultúr, a thagann in ionad an chláir oibre a glacadh in 2007 agus a leanann ar aghaidh le soláthar an chreata straitéisigh um ghníomhaíocht AE in earnáil an chultúir. Sa chlár oibre nua, beartaítear trí chuspóir straitéiseacha a bhfuil gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus seachtracha ag baint leo: (1) leas a bhaint as cumhacht an chultúir chun críocha comhtháthú sóisialta agus folláine shóisialta; (2) tacaíocht a thabhairt do chruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas agus sa nuálaíocht, agus do phoist agus don fhás; agus (3) an caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a neartú. Leagtar amach modhanna oibre feabhsaithe leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta sa chlár oibre. Cuirtear i bhfeidhm é trí phleananna oibre don chultúr. Tá sé á chur chun feidhme faoi láthair leis an rún maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr (2023-2026) a ghlac an Chomhairle an 29 Samhain 2022.

Dírítear sa rún ar 4 thosaíocht atá éagsúil lena chéile ach comhlántach dá chéile:

  • ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha: earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú
  • cultúr do na daoine: rannpháirtíocht chultúrtha agus ról an chultúir sa tsochaí a fheabhsú
  • cultúr don phláinéad: leas a bhaint as cumhacht an chultúir
  • cultúr le haghaidh comhpháirtíochtaí comhchruthaitheacha: an ghné chultúrtha de chaidreamh seachtrach an Aontais a neartú

2 Caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta

Is é aidhm leis an teachtaireacht chomhpháirteach dar teideal ‘Towards an EU Strategy for International Cultural Relations [I dTreo Straitéis de chuid an Aontais le haghaidh Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta] a thíolaic an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) i lár-2016, comhar cultúrtha a spreagadh idir an tAontas agus a thíortha comhpháirtíochta. Cuirtear i bhfáth léi go bhfuil AE tiomanta maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a chothú trí thacaíocht agus cúnamh a thabhairt do thíortha nach bhfuil san Aontas agus cultúir éagsúla na mBallstát a chur chun cinn trí thaidhleoireacht chultúrtha.

3 Idirphlé idirchultúrtha

Is tosaíocht leanúnach de chuid an AE é an t-idirphlé idirchultúrtha, agus tá sé níos suntasaí fós ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009. Ar na tionscnaimh thábhachtacha i réimse sonrach an bheartais cultúir, tá tionscnaimh a bhaineann le cultúr na Romach, cathracha idirchultúrtha agus comhphlé leis an Ardán um an Eoraip Idirchultúrtha.

B. Cláir chistiúcháin agus tionscnaimh thacaíochta

1 Eoraip na Cruthaitheachta

Is clár é Eoraip na Cruthaitheachta atá tiomnaithe d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus seoladh den chéad uair é in 2014 go ceann seacht mbliana. Rinneadh roinnt clár AE a bhí ann roimhe sin a thabhairt le chéile leis faoi aon scáth amháin: na cláir MEDIA (1991-2013), an clár MEDIA Mundus (2011-2013) agus na cláir Chultúir (2000-2013). I bhfianaise a rathúla a bhí sé, i mí na Bealtaine 2021, ghlac an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle an dara ‘clár Eoraip na Cruthaitheachta’ (2021-2027) lena n-áirithítear EUR 2.44 billiún, méid arb ionann é agus méadú 36 %.

Is iad príomhchuspóirí an chláir (1) éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht na hEorpa a choimirciú, a fhorbairt agus a chur chun cinn agus (2) iomaíochas agus acmhainneacht eacnamaíoch earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc. Tá sé roinnte i dtrí shnáithe: na meáin, cultúr agus trasearnálacha.

Don tréimhse 2021-2027, is iad seo a leanas príomhghnéithe nua an chláir:

  • béim níos láidre ar chruthú trasnáisiúnta agus ar an nuálaíocht
  • rochtain níos éasca ar mhaoiniú trí rátaí níos airde cómhaoinithe (tuilleadh maoinithe do thionscadail ó Eoraip na Cruthaitheachta);
  • béim ar thacaíocht don chomhar ar leibhéal an Aontais chun earnáil closamhairc na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche ar bhonn domhanda
  • scéim soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do ghairmithe;
  • gníomhaíochtaí lena ndírítear ar riachtanais earnálacha sonracha cruthaitheacha, amhail an ceol, an ailtireacht agus an oidhreacht chultúrtha.

Leagtar béim ar leith leis an gclár ar thrí réimse: (1) tacú le hearnáil an cheoil, go háirithe ceol comhaimseartha agus beo, a gheobhaidh cistí ó shraith an chultúir chun tacú le hardáin a chuireann ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus líonraí dáileacháin chun cinn, i measc tionscnaimh eile; (2) tús áite a thabhairt do thalann na mban, tacú le gairmeacha ealaíne agus proifisiúnta na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn mar cheann de na príomhluachanna atá le saothrú sa chlár; (3) cuimsiú a chothú trí rannpháirtíocht sa chlár a éascú do dhaoine faoi mhíchumas agus do ghrúpaí atá imeallaithe go sóisialta agus tríd an bpróiseas iarratais a shimpliú.

2 Príomhchathracha Cultúir na hEorpa

Tá Príomhchathracha Cultúir na hEorpa ar cheann de na tionscnaimh chultúrtha is rathúla agus is mó tóir in AE. Gach bliain, ainmnítear dhá chathair in dhá thír éagsúla in AE mar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa.

Is painéal neamhspleách saineolaithe a dhéanann na cathracha a roghnú ar bhonn clár cultúrtha nach mór gné láidir Eorpach a bheith ann, lena dtugtar rannpháirt do dhaoine áitiúla ar gach aois agus lena gcuirtear le forbairt fhadtéarmach na cathrach. Seoladh an tionscnamh in 1985 agus bronnadh an teideal ar níos mó ná 60 cathair go dtí seo.

Leagtar amach na rialacha agus na coinníollacha a bhaineann leis an teideal a bheith ag cathair, coinníollacha atá bailí go dtí 2033, agus an bhliain sin san áireamh, i gCinneadh 445/2014/AE. Leasaíodh é in 2017 agus tá an tionscnamh oscailte anois do thíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) mar aon le tíortha sa Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) (Cinneadh (AE)2017/1545).

3 An Lipéad Oidhreachta Eorpach agus Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018

Thosaigh an Lipéad Oidhreachta Eorpach, in 2005, amach mar thionscnamh idir-rialtasach idir roinnt Ballstát in 2005. In 2010, arna iarraidh sin dóibh, mhol an Coimisiún tionscnamh foirmiúil AE a dhéanamh den Lipéad Oidhreachta Eorpach. Bunaíodh an lipéad in 2011 le Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE. Is é an cuspóir uileghabhálach atá leis ná an t-idirphlé idirchultúrtha agus an bhraistint chómhuintearais atá ag daoine le AE a neartú. Roghnaítear láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh mar gheall ar a n-ardluach siombalach, ar a ról i stair agus i gcultúr na hEorpa agus AE, agus ar a nasc le prionsabail an daonlathais agus le cearta an duine. Ó 2013 i leith, bronnadh an lipéad ar 60 suíomh.

An 30 Lúnasa 2016, chuir an Coimisiún togra ar aghaidh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle inar iarradh go ndéanfaí 2018 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, mar fhreagra ar iarrataí roimhe sin ón dá institiúid. Glacadh an togra sa chéad leath de 2017. Rinneadh iarracht leis an tionscnamh Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha aird a tharraingt ar ról oidhreacht chultúrtha na hEorpa maidir le tuiscint chomhroinnte ar an stair agus ar an bhféiniúlacht a chothú. Fuair sé cistiú EUR 8 milliún don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2018.

4 Duaiseanna

Le beartas cultúrtha AE tacaítear le roinnt duaiseanna i réimsí na hoidhreachta cultúrtha, na hailtireachta, na litríochta agus an cheoil. Is éard is aidhm leis na duaiseanna sin ná aitheantas a thabhairt d’archaighdeán agus rath gníomhaíochtaí Eorpacha sna réimsí sin agus aird a dhíriú ar shaothair ealaíontóirí, ceoltóirí, ailtirí, scríbhneoirí agus iad siúd atá ag obair i réimse na hoidhreachta cultúrtha. Ina theannta sin, is léiriú iad ar shaibhreas éagsúlacht chultúrtha na hEorpa agus ar an tábhacht a bhaineann leis an idirphlé idirchultúrtha agus le gníomhaíochtaí cultúrtha trasteorann in AE agus níos faide i gcéin.

5 Bauhaus Nua Eorpach (NBE)

Rinne Uachtarán an Choimisiúin Ursula Von der Leyen an tionscnamh Bauhaus Nua Eorpach a chur i láthair agus a sheoladh go hoifigiúil an 18 Eanáir 2021. Is tionscnamh cruthaitheach agus idirdhisciplíneach é arb ionann é agus pointe teagmhála agus spás chun bealaí maireachtála don todhchaí a dhearadh ag an gcrosbhealach idir an ealaín, an cultúr, an eolaíocht agus an teicneolaíocht. Is é an príomhaidhm atá leis ná cruthú áiteanna maireachtála a chur chun cinn atá i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip trí thacú le (1) spásanna cuimsitheacha, inrochtana lena gcothaítear comhphlé idir cultúir, disciplíní, inscne agus aoiseanna éagsúla agus le (2) réitigh inbhuanaithe a urramaíonn éiceachórais an phláinéid. Ina theannta sin, déanfaidh an tionscnamh creat d’fhoinsí cistiúcháin a fhorbairt chun é a ailíniú leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI). An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht maidir le Bauhaus Nua Eorpach, lena sonraítear a chreat, a chroíphrionsabail, a phríomhghníomhaíochtaí agus a dheiseanna maoiniúcháin.

C. Tionscnaimh eile

Áirítear an oidhreacht chultúrtha freisin i gcur chuige an Aontais i leith an chultúir, go háirithe cosaint na hoidhreachta sin.

Le Treoir 2014/60/AE, ar athmhúnlú í ar Threoir 93/7/CEE, tá sé mar aidhm ag AE oidhreacht chultúrtha náisiúnta a chosaint agus an chosaint sin a thabhairt le chéile le prionsabal na saorghluaiseachta earraí. Déantar foráil sa treoir maidir le hearraí cultúrtha a thabhairt ar ais go fisiciúil arb earraí cultúrtha iad a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit amháin tar éis mhí Eanáir 1993 agus leagtar amach inti sásraí agus imeachtaí comhair chun a áirithiú go ndéanfar ábhair a aistríodh go neamhdhleathach. Leis an Treoir, cumhdaítear gach ní cultúrtha a aithnítear mar ‘sheoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta de’ faoin reachtaíocht náisiúnta.

Chomh maith leis sin, tar éis Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad oibre dar teideal ‘Creat Gníomhaíochta Eorpach um an Oidhreacht Chultúrtha’, agus coimirciú na hoidhreachta atá i mbaol ann ar cheann de chúig cholún an chreata.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Tá an Pharlaimint, i rúin éagsúla[1], tar éis a leasanna seanbhunaithe a chur in iúl i dtaca le hacmhainneacht na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus maidir leis an deis chun iad a fhorbairt. Ní hamháin go léiríonn na hearnálacha sin éagsúlacht chultúrtha AE, ach fostaítear 7.5% dá lucht oibre iontu, rud a chruthaíonn tuairim is EUR 509 mbilliún de luach a chuirtear le OTI an Aontais.

I rún uaithi in 2016 maidir le beartas comhleanúnach AE do thionscadail chultúir agus chruthaitheacha, d’iarr an Pharlaimint go mbeadh cur chuige straitéiseach ann chun go mbainfí leas iomlán as acmhainneacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus d’iarr sí ar an gCoimisiún creat beartais thionsclaíoch cuimsitheach agus fadtéarmach a fhorbairt dóibh. D’iarr sí go gcuirfí bearta i bhfeidhm chun dálaí oibre in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fheabhsú, mar shampla trí iad a áireamh sa Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg agus trí chistí a sholáthar chun gairmeacha beatha, fiontraíocht agus oiliúint a éascú.

Tá cur chuige straitéiseach maidir le ról an chultúir sa chaidreamh seachtrach á chur chun cinn ag an bParlaimint freisin. Sa Réamhbheart uaithi i mbuiséid 2013 agus 2014, dar teideal ‘An Cultúr i gCaidreamh Seachtrach AE’, tharraing sí aird ar acmhainneacht shuntasach an chultúir i gcaidreamh seachtrach AE. In 2016, ghlac sí rún maidir leis an idirphlé idirchultúrtha. Mar fhreagairt ar an Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó SEGS ‘I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta’, ghlac an Pharlaimint rún a dhréachtaigh an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Coiste um Chultúr agus um Oideachas (CULT) go comhpháirteach i mí Iúil 2017, inar mhol na FPEnna straitéis éifeachtach AE a fhorbairt le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, agus líne bhuiséid AE ar leith á soláthar chuige sin, clár AE maidir le soghluaisteacht idirnáisiúnta a sheoladh agus Clár Víosaí Cultúrtha a chruthú.

Ina ról mar chomhreachtóir, ghlac an Pharlaimint na tograí ón gCoimisiún maidir le tionscnamh PCE a oscailt do thíortha CSTE agus LEE, agus an bhliain 2018 a chomóradh mar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha. Sa téarma parlaiminteach roimhe sin, mhúnlaigh sí an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus an Treoir maidir le réada cultúrtha a fháil ar ais. Dhírigh an Pharlaimint ar ábhar na hoidhreachta cultúrtha sa rún uaithi in 2015 maidir le cur chuige comhtháite i leith oidhreacht chultúrtha don Eoraip, agus chuir sí béim ar an ról atá ag an oidhreacht chultúrtha maidir le fás agus poist. An 20 Eanáir 2021, ghlac an Pharlaimint rún maidir le leagáid bheartais éifeachtach a bhaint amach do Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, bunaithe ar thuarascáil féintionscnaimh ó Choiste CULT. Iarradh sa rún ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid gníomhaíochtaí chun éagsúlacht teanga a chosaint agus a chur chun cinn sa ré dhigiteach, oidhreacht chultúrtha na mionlach atá san Eoraip a áireamh in aon phlé ar oidhreacht na hEorpa, agus tacú le himeachtaí cultúrtha traidisiúnta Eorpacha agus uile-Eorpacha.

Le linn na caibidlíochta ar chláir Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020 agus 2021-2027, agus le linn na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla, mhol an Pharlaimint go comhsheasmhach go ndéanfaí leithdháiltí buiséadacha a mhéadú d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Le linn na caibidlíochta ar CAI 2014-2020 agus 2021-2027, agus le linn na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla, bhí an Pharlaimint ag comhrac go comhsheasmhach ar son leithdháiltí buiséadacha méadaithe do na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, go háirithe do chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Sa dréacht-tuairim uaithi maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh CAI nua 2021-2027, a cuireadh ar vóta í i mí Dheireadh Fómhair 2018, d’iarr Coiste CULT go ndéanfaí acmhainní a dhúbailt do chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta (2021-2017). An 14 Nollaig 2020, thángthas ar chomhaontú lenar áirithíodh cistiú EUR 2.2 billiún don chlár, agus méadú 36% á chur ar a bhuiséad reatha. I dtaca leis na leasuithe a rinne sí ar an togra ón gCoimisiún maidir leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 ar tugadh vóta ina leith i seisiún iomlánach i mí an Mhárta 2019, mhol an Pharlaimint go ndéanfaí cistí a dháileadh i gcéatadáin seachas i bhfigiúiri ar réimsí éagsúla clár, agus leithdháileadh speisialta á áirithiú le haghaidh tionscadail chomhair in earnáil an chultúir. Ina theannta sin, mhol na Feisirí leasuithe chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’iomaíochas an mhargaidh chruthaithigh, cuimsitheacht níos fearr a chur chun cinn agus tábhacht an chultúir chun críche fhorbairt dhaoine agus shochaithe na hEorpa a chur in iúl. Formhuiníodh an comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle sa chruinniú a bhí ag Coiste CULT an 11 Eanáir 2021. An 10 Bealtaine 2021 vótáil Coiste CULT chun a mholadh go bhformheasfaí an téacs, arna ghlacadh go foirmiúil sa suí iomlánach an 19 Bealtaine 2021.

Ar na mallaibh, d’áitigh na Feisirí go dtabharfaí tacaíocht airgeadais leormhaith agus spriocdhírithe chun an ghéarchéim sa CCS a mhaolú, go háirithe le linn phaindéim COVID-19, agus chun cabhrú leo siúd atá fostaithe iontu. Ardaíodh an pointe sin le linn na díospóireachta sa suí iomlánach roimh an vótáil chríochnaitheach ar chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 i mí na Bealtaine 2021. Thairis sin, i dtuarascáil féintionscnaimh maidir le staid ealaíontóirí agus téarnamh cultúrtha in AE, vótáil siad sa Choiste CULT i mí Mheán Fómhair 2021, agus i rún comhfhreagrach a glacadh i seisiún iomlánach an 20 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr na Feisirí go mbeadh ‘European Status of the Artist’ [Stádas Eorpach an Ealaíontóra] ann. Leagfaí amach leis sin creat coiteann maidir le dálaí oibre agus caighdeáin íosta d’ealaíontóirí agus d’oibrithe cultúrtha i ngach tír in AE.

An 8 Márta 2022, ghlac an Pharlaimint rún maidir le ról an chultúir, an oideachais, na meán cumarsáide agus an spóirt sa chomhrac in aghaidh an chiníochais, bunaithe ar rún ón gCoiste CULT. Iarradh sa tuarascáil ar thíortha an Aontais Eorpaigh bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhréamhacha struchtúracha an chiníochais agus an idirdhealaithe san Aontas. D’iarr sí freisin ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis an treoir i gcoinne an idirdhealaithe a moladh, ar treoir í a bhfuil bac á chur uirthi sa Chomhairle ó 2008 i leith.

Ar deireadh, bunaithe ar an staid reatha san Úcráin, d’iarr coiste CULT staidéar maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint ar choinbhleacht armtha.

 

Katarzyna Anna Iskra