Cuirtear i láthair sa bhileog eolais seo cúlra agus forálacha fíor-riachtanacha Chonradh Liospóin. Is é is cuspóir don bhileog ná comhthéacs stairiúil a sholáthar do theacht chun cinn an téacs bhunúsaigh is déanaí seo de AE ó na téacsanna a tháinig roimhe. Mínítear na forálacha sonracha (lena ngabhann tagairtí d’airteagail) agus na héifeachtaí atá acu ar bheartais an Aontais Eorpaigh ar bhealach níos mine sna bileoga eolais a dhéileálann le beartais agus le saincheisteanna ar leith.

Bunús dlí

Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO C 306,17.12.2007); teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Stair

Thosaigh Conradh Liospóin mar thionscadal bunreachtúil ag deireadh 2001 (dearbhú ón gComhairle Eorpach maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh, nó dearbhú Laeken), agus ina dhiaidh sin in 2002 agus in 2003 tháinig Coinbhinsiún na hEorpa lenar dréachtaíodh an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip (an Conradh ar an mBunreacht) (1.1.4). Is as toradh diúltach dhá reifreann ar an gConradh ar an mBunreacht i mBealtaine agus i Meitheamh 2005 a d’eascair an próiseas as ar lean Conradh Liospóin. Mar fhreagairt air sin, chinn an Chomhairle Eorpach ‘tréimhse mhachnaimh’ dhá bhliain a bheith ann. Ar deireadh, ar bhonn dhearbhú Bheirlín Mhárta 2007, ghlac Comhairle Eorpach an 21 go dtí an 23 Meitheamh sainordú mionsonraithe le haghaidh Comhdháil Idir-rialtasach (CIR) ina dhiaidh sin, faoi uachtaránacht na Portaingéile. Thug an CIR a obair chun críche i nDeireadh Fómhair 2007. Shínigh an Chomhairle Eorpach an Conradh i Liospóin an 13 Nollaig 2007 agus tá sé daingnithe ag na Ballstáit go léir.

Inneachar

A. Cuspóirí agus prionsabail ghinearálta

Athainmníodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh mar an ‘Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ (CFAE) agus cuireadh ‘Aontas’ in ionad an téarma ‘Comhphobal’ ar fud an téacs. Glacann an tAontas ionad an Chomhphobail agus is é a chomharba dlíthiúil é. Ní chruthaítear le Conradh Liospóin siombailí Aontais a bhfuil cosúlacht siombailí stáit orthu amhail bratach nó amhrán náisiúnta. Cé nach bhfuil an téacs nua, dá bhrí sin, ina chonradh bunreachtúil de réir ainm a thuilleadh, coimeádtar leis an téacs sin an chuid is mó de na gnóthachtálacha substaintiúla.

Ní dhéantar aon inniúlachtaí eisiacha a aistriú chuig an Aontas le Conradh Liospóin. Athraítear le Conradh Liospóin, áfach, an chaoi a bhfeidhmíonn an tAontas na cumhachtaí a bhí aige cheana agus roinnt cumhachtaí (roinnte) nua trí rannpháirtíocht agus cosaint na saoránach a fheabhsú, trí leagan amach institiúideach nua a chur ar bun agus tríd an bpróiseas cinnteoireachta le haghaidh breis éifeachtúlachta agus trédhearcachta a mhodhnú. Dá bhrí sin, baintear amach leibhéal níos airde de ghrinnscrúdú parlaiminteach agus de chuntasacht dhaonlathach.

Murab ionann agus an Conradh ar an mBunreacht, níl i gConradh Liospóin aon airteagal lena gcumhdaítear go foirmiúil forlámhas dhlí an Aontais ar an dlí náisiúnta, ach cuireadh dearbhú i gceangal leis an gConradh chuige sin (Dearbhú Uimh. 17) lena dtagraítear do thuairim ó Sheirbhís Dhlíthiúil na Comhairle a athdhearbhaíonn cásdlí comhsheasmhach na Cúirte.

Le Conradh Liospóin, déantar cumhachtaí an Aontais a shoiléiriú den chéad uair. Déantar idirdhealú ann idir trí chineál inniúlachtaí: inniúlacht eisiach, lenar féidir leis an Aontas, agus é sin amháin, reachtaíocht a thabhairt isteach, agus lenar féidir leis na Ballstáit, agus iad sin amháin, an reachtaíocht sin a chur chun feidhme; inniúlacht roinnte, lenar féidir leis na Ballstáit reachtaíocht a thabhairt isteach agus bearta atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a ghlacadh mura bhfuil sé sin déanta ag an Aontas. agus inniúlacht thacaitheach, lena nglacann AE bearta chun tacú le beartais na mBallstát nó chun comhlánú a dhéanamh orthu. Is féidir inniúlachtaí an Aontais a thabhairt ar ais anois do na Ballstáit le linn athbhreithniú conartha.

Tugtar pearsantacht dhlítheanach iomlán do AE le Conradh Liospóin. Dá bhrí sin, faigheann an tAontas an cumas chun conarthaí idirnáisiúnta a shíniú i réimsí a chumhachtaí sannta nó a bheith rannpháirteach in eagraíocht idirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh na Ballstáit ach comhaontuithe idirnáisiúnta atá comhréireach le dlí AE a shíniú.

Déantar foráil den chéad uair leis an gConradh do nós imeachta foirmiúil atá le leanúint ag Ballstáit ar mian leo tarraingt siar ón Aontas Eorpach i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla, eadhon Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Déantar le Conradh Liospóin a raibh fágtha de ghnéithe an tríú colún den limistéar saoirse, slándála agus ceartais (FSJ), i.e. comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla, a thabhairt isteach sa chéad cholún. Ní ann a thuilleadh don seanstruchtúr idir-rialtasach ós rud é go gcuirtear na gníomhartha a ghlactar sa réimse sin faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh (tromlach cáilithe agus comhchinnteoireacht), agus úsáid á baint as ionstraimí dlíthiúla mhodh an Chomhphobail (rialacháin, treoracha agus cinntí) mura sonraítear a mhalairt.

Agus Conradh Liospóin i bhfeidhm, tá an Pharlaimint in ann leasuithe ar na Conarthaí a mholadh, mar a bhí ann cheana i gcás na Comhairle, rialtas Ballstáit nó an Choimisiúin. De ghnáth, d’éileofaí comhghairm Coinbhinsiúin don leasú sin, ar coinbhinsiún é a mholfadh leasuithe do CIR (d’fhéadfadh an Chomhairle Eorpach a chinneadh, áfach, gan Coinbhinsiún den sórt sin a chomhghairm, faoi réir thoiliú na Parlaiminte (Airteagal 48(3) CAE, an dara mír)). D’fhéadfaí CIR a chomhghairm ansin chun leasuithe ar na Conarthaí a chinneadh de thoil a chéile. Is féidir, áfach, athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí gan CIR a chomhghairm agus trí nósanna imeachta um athbhreithniú simplithe, sa chás go mbaineann an t-athbhreithniú le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais (Airteagal 48(6) agus 48(7) CAE). Ghlacfaí an t-athbhreithniú ansin mar chinneadh ón gComhairle Eorpach, ach d’fhéadfadh sé go bhfanfadh sé faoi réir rialacha daingniúcháin náisiúnta.

B. Daonlathas níos fearr agus cosaint níos fearr ar chearta bunúsacha

Sloinntear le Conradh Liospóin trí phrionsabal bhunúsacha an chomhionannais dhaonlathaigh, an daonlathais ionadaíoch agus an daonlathais rannpháirtíoch. Glacann daonlathas rannpháirtíoch chuige féin foirm nua tionscnaimh ó na saoránaigh (4.1.5).

Ní ionchorpraítear an Chairt um Chearta Bunúsacha go díreach i gConradh Liospóin, ach faigheann sí feidhm cheangailteach dlí trí Airteagal 6(1) CAE, a thugann don Chairt an luach dlíthiúil céanna leis na Conarthaí (4.1.2).

Osclaíodh próiseas aontachais AE leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD) nuair a tháinig an 14ú prótacal a ghabhann le CECD i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2010. Lamháiltear leis sin ní hamháin do stáit ach d’eagraíocht idirnáisiúnta chomh maith, i.e. an tAontas Eorpach, a bheith ina sínitheoirí ar CECD. Le haontachas, éilítear fós go ndéanann na stáit go léir atá ina bpáirtithe in CECD, chomh maith le AE é féin, an Coinbhinsiún a dhaingniú. Ba é a bhí mar thoradh ar an gcaibidlíocht idir ionadaithe ó Chomhairle na hEorpa agus ó AE gur tugadh dréachtchomhaontú chun críche in Aibreán 2013. Mheas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, ina Tuairim 2/2013, go raibh an comhaontú sin ar neamhréir le hAirteagal 6 CAE. Beidh gá le caibidlíocht bhreise sula bhféadfaidh aontachas tarlú.

C. Leagan amach nua institiúideach

1. Parlaimint Na hEorpa

De bhun Airteagal 14(2) CAE, tá an Pharlaimint anois ‘comhdhéanta d’ionadaithe de shaoránaigh an Aontais’ agus ní ‘d’ionadaithe de phobail na Stát’.

Méadaíodh cumhachtaí reachtacha na Parlaiminte tríd an ‘ngnáthnós imeachta reachtach’ a thagann in ionad an nós imeachta comhchinnteoireachta a bhíodh ann. Tá feidhm ag an nós imeachta sin maidir le breis agus 40 réimse nua beartais, agus an líon iomlán á ardú go dtí 85 leis sin. Is ann fós do nós imeachta an aontaithe mar ‘toiliú’, agus níl aon athrú ar an nós imeachta comhairliúcháin. Leis an nós imeacht buiséadach nua, cruthaítear paireacht iomlán idir an Pharlaimint agus an Chomhairle chun an buiséad bliantúil a fhormheas. Ní mór an creat airgeadais ilbhliantúil a bheith comhaontaithe ag an bParlaimint.

Toghann an Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin anois trí thromlach a comhaltaí ar thogra ón gComhairle Eorpach, a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi iarrthóir a roghnú trí thromlach cáilithe, agus toradh na dtoghchán Eorpach á chur san áireamh. Leanann an Pharlaimint den Choimisiún a fhormheas mar choláiste.

Socraíodh líon uasta na bhFeisirí ag 751 agus ionadaíocht na saoránach a bheith comhréireach go céimlaghdaitheach. Tá líon uasta na suíochán in aghaidh an Bhallstáit laghdaithe go 96 fad atá an líon íosta méadaithe go 6. An 7 Feabhra 2018, vótáil an Pharlaimint i bhfabhar líon na suíochán a laghdú ó 751 go 705 tar éis don Ríocht Aontaithe AE a fhágáil agus roinnt de na suíocháin sin a bheidh ar fáil, dá bhrí sin, a athdháileadh i measc na mBallstát sin atá ábhairín tearcionadaithe (1.3.3).

D’fhág an Ríocht Aontaithe AE an 1 Feabhra 2020. Amhail ón dáta sin, cuireadh an comhdhéanamh nua de 705 Fheisire i bhfeidhm. As na 73 suíochán a fágadh folamh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, athdháileadh 27 suíochán chun prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí a léiriú níos fearr: athdháileadh na 27 suíochán mar a leanas: an Fhrainc (+5), An Spáinn (+5), an Iodáil (+3), an Ísiltír (+3), Éire (+2), an tSualainn (+1), an Ostair (+1), an Danmhairg (+1), an Fhionlainn (+1), an tSlóvaic (+1), an Chróit (+1), an Eastóin (+1), an Pholainn (+1) agus an Rómáin (+1). Níor chaill aon Bhallstát suíochán.

2. An Chomhairle Eorpach

Le Conradh Liospóin, aithnítear an Chomhairle Eorpach go foirmiúil mar institiúid AE atá freagrach as ‘an spreagadh is gá dá fhorbairt’ a thabhairt don Aontas agus as ‘na treoirlínte agus a thosaíochtaí polaitiúla ginearálta’ a shainiú. Níl aon fheidhmeanna reachtacha ag an gComhairle Eorpach. Tagann uachtarán fadtéarmach in ionad an chórais uainíochta sé mhí a bhí ann cheana. Toghtar an tUachtarán trí thromlach cáilithe den Chomhairle Eorpach ar feadh tréimhse in-athnuaite 30 mí. Ba cheart go bhfeabhsófaí leis sin leanúnachas agus comhleanúnachas obair na Comhairle Eorpaí. Déanann an tUachtarán ionadaíocht freisin ar an Aontas go seachtrach, gan dochar do dhualgais Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (féach thíos).

3. Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán / Ardionadaí)

Ceaptar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí trí thromlach cáilithe na Comhairle Eorpaí le toiliú Uachtarán an Choimisiúin agus tá sé freagrach as comhbheartas eachtrach agus slándála AE, agus an ceart aige tograí a chur ar aghaidh. Chomh maith le cathaoirleacht a dhéanamh ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, tá ról Leas-Uachtarán an Choimisiúin ag an Leas-Uachtarán / Ardionadaí freisin. Faigheann an Leas-Uachtarán / Ardionadaí cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, arb é atá ann foireann ón gComhairle, ón gCoimisiún agus ó na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta.

4. An Chomhairle

Coimeádann Conradh Liospóin prionsabal na vótála tromlaigh dúbailte (saoránaigh agus na Ballstáit). Lean na socruithe a bhí ann cheana de bheith i bhfeidhm, áfach, go dtí Samhain 2014; tá feidhm ag na rialacha nua ón 1 Samhain 2014 i leith.

Tagtar ar thromlach cáilithe nuair a thugann 55% de chomhaltaí na Comhairle 15 as 27 mBallstát sa chleachtas, a chuimsíonn 65 % ar a laghad den daonra, tacaíocht do thogra (Airteagal 16(4) CAE). Nuair nach bhfuil an Chomhairle ag gníomhú ar thogra ón gCoimisiún nó ón Leas-Uachtarán / Ardionadaí, méadaíonn an tromlach is gá de na Ballstáit go 72 % (Airteagal 238(2) CFAE). Chun reachtaíocht a bhlocáil, ní mór do cheithre Bhallstát ar a laghad vótáil i gcoinne togra. I scéim nua arna spreagadh ag ‘comhréiteach Ioannina’ lamháiltear do 55% (75% go dtí an 1 Aibreán 2017) de na Ballstáit is gá don mhionlach blocála athmhachnamh a iarraidh ar thogra agus laistigh de ‘thréimhse réasúnta’. (Dearbhú 7).

Suíonn an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanann sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a vótálann sé air. Chuige sin, roinntear gach cruinniú den Chomhairle ina dhá chuid, a dhéileálann le gníomhartha reachtacha agus le gníomhaíochtaí neamhreachtacha faoi seach. Leanann Uachtaránacht na Comhairle de bheith i mbun uainíochta ar bhonn sé mhí, ach tá uachtaránachtaí grúpa 18 mí de thrí Bhallstát ann chun leanúnachas níos fearr ó thaobh na hoibre de a áirithiú. Mar eisceacht, is é an Leas-Uachtarán / Ardionadaí a dhéanann cathaoirleacht ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha go leanúnach.

5. An Coimisiún

Ós rud é go ndéantar Uachtarán an Choimisiúin a roghnú agus a thoghadh anois, agus torthaí na dtoghchán Eorpach á gcur i gcuntas, méadaítear dlisteanacht pholaitiúil na hoifige. Tá an tUachtarán freagrach as eagrú inmheánach an choláiste (ceapadh coimisinéirí, dáileadh sainchúraimí, iarrataí ar scor faoi imthosca ar leith).

6. Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Leathnaítear dlínse na Cúirte chuig gníomhaíochtaí uile an Aontais seachas an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES). Éascaítear rochtain ar an gCúirt do dhaoine aonair.

D. Cinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos daonlathaí lena ngabhann beartais agus inniúlachtaí nua.

Le roinnt de na clásail passerelle mar a thugtar orthu, ceadaítear athrú ó chinnteoireacht d’aon toil go dtí vótáil trí thromlach cáilithe agus ón nós imeachta comhairliúcháin go dtí comhchinnteoireacht (Airteagal 31(3) CAE, Airteagail 81, 153, 192, 312 agus 333 CFAE, móide roinnt nósanna imeachta eile de chineál passerelle maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla) (1.2.4). Ina óráid ar Staid an Aontais sa bhliain 2017, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Juncker tionscnaimh chun imeacht ón riail aontoilíochta i roinnt réimsí trí chlásail passerelle a úsáid. Mar obair leantach, ghlac an Coimisiún ceithre theachtaireacht, lena moltar feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as vótáil trí thromlach cáilithe in ionad na haontoilíochta i réimse CBES (2018), i réimse an bheartais chánach (Eanáir 2019), i réimse an fhuinnimh agus na haeráide (Aibreán 2019) agus i réimse an bheartais shóisialta (Aibreán 2019). Is é is aidhm do na teachtaireachtaí sin an chinnteoireacht a dhéanamh níos gasta, níos solúbtha agus níos éifeachtúla i gcás ina bhfuil inniúlacht de chuid an Aontais ann cheana féin.

I réimsí nach bhfuil aon chumhachtaí eisiacha ag an Aontas iontu, féadfaidh naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin. Ní mór don Chomhairle úsáid an chomhair fheabhsaithe a údarú tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil. Tá feidhm ag an aontoilíocht maidir le hábhair CBES.

Le Conradh Liospóin, neartaítear prionsabal na coimhdeachta go mór trí bhaint a bheith ag na parlaimintí náisiúnta sa phróiseas cinnteoireachta (1.2.2) (1.3.5).

Tá líon áirithe beartas nua agus leathnaithe tugtha isteach sa bheartas comhshaoil. Áirítear sa bheartas sin anois an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus an beartas fuinnimh, a dhéanann tagairtí nua do dhlúthpháirtíocht agus do chinnteacht agus d’idirnascthacht an tsoláthair. Thairis sin, tá cearta maoine intleachtúla, an spórt, an spás, an turasóireacht, an chosaint shibhialta agus an comhar riaracháin anois ina n-ábhair fhéideartha de reachtóireacht AE.

Maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) (5.1.2), tugtar isteach le Conradh Liospóin clásal cosanta frithpháirtí lena ndéantar foráil go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit go léir cabhair a thabhairt do Bhallstát atá faoi ionsaí. Déantar foráil i gclásal dlúthpháirtíochta nach mór don Aontas agus do gach ceann dá Bhallstáit cúnamh a sholáthar trí gach bealach is féidir do Bhallstát atá thíos le tubaiste dhaonna nó nádúrtha nó le hionsaí sceimhlitheoireachta. Tá ‘buanchomhar struchtúrtha’ ar oscailt do na Ballstáit go léir a gheallann a bheith rannpháirteach i gcláir um threalamh míleata Eorpach agus go ndéanfaidís aonaid chomhraic, a bheidh ar fáil chun dul i mbun gníomhaíochta láithreach, a sholáthar. Chun an comhar sin a bhunú, is gá tromlach cáilithe a fháil sa Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an Leas-Uachtarán / Ardionadaí.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Féach 1.1.4 le haghaidh rannchuidithe Pharlaimint na hEorpa don Choinbhinsiún Eorpach agus a rannpháirtíocht in CIRanna roimhe seo. Maidir le CIR 2007, as ar lean síniú Chonradh Liospóin, rinne an Pharlaimint den chéad uair triúr ionadaithe a chur chuig an gcomhdháil faoi Uachtaránacht na Portaingéile.

Beagnach deich mbliana tar éis Conradh Liospóin a shíniú, d’admhaigh an Pharlaimint nach bhfuil an leas is fearr is féidir á bhaint as cuid dá fhorálacha. Mar fhreagairt air sin, ghlac sí an 16 Feabhra 2017, rún ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin, ar rún é a chuireann ar aghaidh roinnt moltaí maidir le conas an acmhainneacht sin a dhíbhlocáil chun feabhas a chur ar chumas an Aontais dul i ngleic le dúshláin dhomhanda reatha.

An lá céanna ghlac an Pharlaimint rún ar an éabhlóid a d’fhéadfadh a bheith ar leagan amach institiúideach reatha an Aontais Eorpaigh agus coigeartuithe air sin, ar rún é inar moladh moltaí nithiúla le haghaidh athchóirithe ar na Conarthaí.

Le déanaí, bhí ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar roinnt géarchéimeanna a bhaineann, go háirithe, le Brexit, an smacht reachta, an creat airgeadais ilbhliantúil, paindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Léirigh láimhseáil na ngéarchéimeanna sin go bhfuil easnaimh sa chóras rialachais atá ann faoi láthair, agus go bhfuil laghdú tagtha ar thacaíocht phoiblí don tionscadal Eorpach de bharr easpa cinnteoireacht éifeachtúil. Mar fhreagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair, sheol institiúidí an Aontais an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 10 Márta 2021, ar comhdháil í a ceapadh chun cead cainte a thabhairt do na saoránaigh maidir le conas an tAontas a athchóiriú agus éifeachtacht agus trédhearcacht a nósanna imeachta cinnteoireachta a mhéadú. An 9 Bealtaine 2022, thug an Chomhdháil a cuid oibre chun críche, a raibh 49 dtogra mar thoradh uirthi, ar ghá athruithe a dhéanamh ar Chonarthaí an Aontais i gcás cuid de na tograí sin. Dá bhrí sin, an 9 Meitheamh 2022, ghlac an Pharlaimint rún maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú, agus an 11 Iúil 2023, ghlac sí rún maidir le cur chun feidhme na gclásal passerelle i gConarthaí an Aontais. Tá tús curtha ag a Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla freisin le tuarascáil féintionscnaimh a ullmhú maidir leis na Tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí a leasú.

 

Eeva Pavy