An Ciste Dlúthpháirtíochta

Trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar chumas AE tacaíocht airgeadais a thabhairt do Bhallstát, do thír atá páirteach i gcaibidlíocht aontachais nó do réigiún sa chás ina dtarlaíonn mórthubaiste nádúrtha.

An bunús dlí

An tríú mír d’Airteagal 175, agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus Rialacháin (AE) Uimh. 661/2014 agus (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle.

Cuspóirí

Trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar chumas AE, tacaíocht éifeachtach a thabhairt do Bhallstát, nó do thír atá páirteach i gcaibidlíocht aontachais, ina chuid iarrachtaí déileáil le tionchair mórthubaiste nádúrtha nó móréigeandáil sláinte poiblí.

Ní uirlis é an Ciste Dlúthpháirtíochta chun freagairt thapa a thabhairt ar éigeandálaí sonracha nó tubaistí nádúrtha. Is é seo ról an Chúlchiste um Chabhair Éigeandála.

Is é an Ciste Dlúthpháirtíochta an phríomhionstraim de chuid an Aontais chun tacú le téarnamh ó thubaistí nádúrtha agus is léiriú é ar dhlúthpháirtíocht an Aontais. Cuireann sé ar chumas AE tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do Bhallstát AE (nó do thír is iarrthóir) chun cabhrú leis déileáil le héifeachtaí mórthubaiste nádúrtha, amhail tuile, dóiteán foraoise, crith talún, stoirm nó triomach. Cuireann sé ar chumas AE tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do Bhallstát AE (nó do thír is iarrthóir) chun cabhrú leis déileáil le héifeachtaí mórthubaiste nádúrtha, amhail tuile, dóiteán foraoise, crith talún, stoirm nó triomach. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine eachtraí adhaimsire agus tubaistí nádúrtha a bhaineann leis an athrú aeráide, tá méadú ag teacht ar an aitheantas a thugtar do thábhacht an Chiste Dlúthpháirtíochta.

An Buiséad

Bunaíodh an Ciste Dlúthpháirtíochta in 2002 mar fhreagairt ar na tuilte tubaisteacha a bhuail lár na hEorpa i samhradh na bliana sin. Ó shin i leith, tá tacaíocht curtha ar fáil aige ar níos mó ná 130 uair. Go dtí seo, fuair 24 Bhallstát (móide an Ríocht Aontaithe) agus trí thír is iarrthóirí (an Albáin, Montainéagró agus an tSeirbia) tacaíocht ón gCiste Dlúthpháirtíochta, agus íocadh amach breis agus EUR 8.2 billiún san iomlán.

Ó 2021 i leith, tá an Ciste Dlúthpháirtíochta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála á mhaoiniú mar aon ionstraim amháin, ar a dtugtar an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR). Is é EUR 1.2 billiún an buiséad bliantúil uasta do SEAR (i bpraghsanna 2018).

Cur chun feidhme

Is é is foirm do chúnamh ón gCiste Dlúthpháirtíochta ná deontas chun an caiteachas poiblí arna dhéanamh ag an stát is tairbhí a fhorlíonadh agus tá sé mar aidhm leis bearta riachtanacha éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú chun maolú a dhéanamh ar dhamáiste, atá, i bprionsabal, neamh-inárachaithe. Seo a leanas bearta práinneacha atá incháilithe chun maoiniú a fháil:

  • bonneagar agus áiseanna trína soláthraítear fuinneamh, uisce óil, diúscairt fuíolluisce, teileachumarsáid, iompar, cúram sláinte agus oideachas a thabhairt ar ais chun feidhme láithreach;
  • lóistín sealadach a sholáthar agus seirbhisí tarrthála a mhaoiniú chun freastal ar riachtanais an daonra atá buailte;
  • bonneagar coisctheach a chomhdhlúthú láithreach agus laithreáin oidhreachta cultúrtha a chosaint;
  • limistéir ar bhuail tubaiste iad a ghlanadh, lena n-áirítear criosanna nádúrtha;
  • cúnamh mear, lena n-áirítear cúnamh leighis, don phobal atá thíos le móréigeandáil sláinte poiblí agus an pobal a chosaint ar an mbaol go ndéanfar difear dóibh.

Is féidir leis an Aontas cabhair airgeadais a dheonú d’aon Bhallstát nó d’aon tír is iarrthóir a iarrann í tar éis mórthubaiste nádúrtha. Ní mór don tír atá buailte a hiarratas a chur isteach laistigh de 12 sheachtain ón tubaiste. Ansin, déanann an Coimisiún measúnú ar an iarratas agus molann sé méid cabhrach airgeadais.

An nós imeachta maidir le deontas a leithdháileadh, agus an nós imeachta buiséadach ina dhiaidh (formheas ón bParlaimint agus ón gComhairle), is féidir roinnt míonna a bheith i gceist leo. A thúisce a bhíonn na leithreasaí curtha ar fáil, tugann an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an stát is tairbhí agus soláthraíonn sé deontas.

Le hathchóiriú 2014, tugadh isteach an fhéidearthacht do na Ballstáit réamhíocaíochtaí a iarraidh, arb é an Coimisiún a dhéanann cinneadh maidir lena ndeonú, má bhíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil. Is ionann uasmhéid na réamhíocaíochtaí agus 25% de shuim ionchais iomlán na ranníocaíochta airgeadais ón gCiste Dlúthpháirtíochta, agus tá uasteorainn EUR 100 milliún leis.

Tá an stát is tairbhí freagrach as an deontas a úsáid agus as iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear é. Is féidir bearta éigeandála a chistiú go cúlghabhálach chun oibríochtaí a chumhdach ón gcéad lá den tubaiste ar aghaidh.

Ní féidir bearta a mhaoiniú faoi dhó, agus is é freagracht an stáit is tairbhí é a áirithiú nach ndéanfar na costais a chumhdaítear faoin gCiste Dlúthpháirtíochta a chumhdach le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid AE (go háirithe le hionstraimí beartais comhtháthaithe, talmhaíochta nó iascaigh).

Ní mór an deontas a úsáid laistigh de 18 mí ón dáta a leithdháileadh é. Ní mór don stát is tairbhí aon chuid den deontas a fhanann gan úsáid a aisíoc. Sé mhí tar éis don tréimhse 18 mí dul in éag, ní mór dó tuarascáil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún. Ní mór sonraí a bheith sa doiciméad sin maidir leis an gcaiteachas atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ón gCiste Dlúthpháirtíochta agus leis an maoiniú eile uile a fuarthas, lena n-áirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe. Ní mór go leagfaí amach ann freisin bearta coisctheacha a glacadh nó atá beartaithe, lena n-áirítear úsáid Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chun na críche sin; taithí a fuarthas ón tubaiste nó ón éigeandáil, staid chur chun feidhme reachtaíocht ábhartha AE maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú; agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir leis na bearta coisctheacha agus maolaithe a glacadh.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Sa rún uaithi an 15 Eanáir 2013 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm, leag an Pharlaimint béim ar thábhacht an Chiste Dlúthpháirtíochta mar an phríomhuirlis lena leomhtar do AE freagairt do thubaistí tromchúiseacha. Ag an am céanna, cháin sí an t-achar fada ama do-ghlactha a ghlactar chun cúnamh a thabhairt do réigiúin nó Ballstáit atá buailte, agus d’éiligh sí go laghdófaí na moilleanna sin trí shimpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta ábhartha agus trí chead a thabhairt réamhíocaíochtaí a dhéanamh, ar gnéithe iad a cuireadh san áireamh sa togra reachtach nua ó mhí Iúil 2013. Rinneadh moltaí eile ón bParlaimint a ionchorprú sa togra ón gCoimisiún freisin, amhail an sainmhíniú níos soiléire agus níos cruinne ar an gcoincheap maidir le tubaistí, agus ar raon feidhme na hidirghabhála.

Sa rún uaithi an 1 Nollaig 2016 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh: measúnú, chuir an Pharlaimint i bhfios ‘tábhacht athbhreithniú 2014, a ndearnadh an bac sa Chomhairle a shárú trína bhíthin, agus a bhí ina fhreagairt dhéanach don iliomad éileamh ón bParlaimint go gcuirfí feabhas ar an bhfreagrúlacht agus ar an éifeachtacht i dtaca le cúnamh de, chun freagairt mhear agus thrédhearcach a áirithiú mar thacaíocht do phobail atá buailte ag tubaistí nádúrtha’.

Sa rún is déanaí uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs athchóiriú amach anseo:

  • leanúint dá chuid oibre chun an nós imeachta iarratais a shimpliú agus a bhrostú do na Ballstáit, chun freagairt níos tapúla a áirithiú do thubaistí agus d’éigeandálaí;
  • tubaistí ar scála réigiúnach a chur san áireamh ar bhealach níos fearr;
  • measúnú a dhéanamh ar na tionchair shonracha a bhaineann le triomaigh agus aghaidh a thabhairt orthu sa rialachán a bheidh ann amach anseo;
  • díriú, a mhéid is féidir, ar na réigiúin is mó atá i mbaol mórthubaistí nó tubaistí réigiúnacha nádúrtha nó móréigeandálaí sláinte poiblí, go háirithe na réigiúin is forimeallaí, oileáin, réigiúin shléibhtiúla, agus réigiúin atá i mbaol dianghníomhaíochta seismí nó bolcánaí nó géarchéimeanna sláinte poiblí sa todhchaí;
  • na sineirgí idir Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais agus cistí an bheartais chomhtháthaithe Eorpaigh a neartú agus a shimpliú, chomh maith leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (uirlis arb é is aidhm di comhar idir na Ballstáit agus grúpa de 10 dtír nach Ballstáit den Aontas iad maidir le cosaint shibhialta a neartú chun feabhas a chur ar chosc, ullmhacht agus freagairt ar thubaistí);
  • aird níos mó a thabhairt ar na prionsabail is déanaí maidir le rioscaí a chosc agus incháilitheacht tionscadal á cinneadh agus an prionsabal ‘Atógáil ar Bhealach Níos Fearr’ a chomhtháthú sa rialachán;
  • iallach a chur ar na stáit is tairbhí na saoránaigh a chur ar an eolas faoi thacaíocht airgeadais AE.

Creideann an Pharlaimint go bhféadfadh athmheasúnú ar bhuiséad Chiste Dlúthpháirtíochta AE a bheith riachtanach amach anseo chun a áirithiú go mbeidh an buiséad sách mór chun déileáil go héifeachtach le mórthubaistí agus tubaistí réigiúnacha nádúrtha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí.

Léirítear freisin an gá atá le hathchóiriú ar an gCiste Dlúthpháirtíochta i rún an 7 Meitheamh 2022 maidir le hoileáin an Aontais agus maidir leis an mbeartas comhtháthaithe:an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo. Iarrann an Pharlaimint go dtabharfaí freagairt níos fearr ar na dúshláin atá roimh oileáin AE agus leagann sí béim ar an ngá atá le Ciste Dlúthpháirtíochta AE a fheabhsú chun é a chur in oiriúint do bhagairtí amhail tubaistí nádúrtha nó éifeachtaí an athraithe aeráide.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Choiste um Fhorbairt Réigiúnach.

 

Kelly Schwarz