Is réimse é an Spórt ina bhfuil freagrachtaí AE sách nua, freagrachtaí nár ghlac AE air féin go dtí gur tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm i mí na Nollag 2009. Tá AE freagrach as beartas fianaisebhunaithe a fhorbairt, chomh maith le comhar a chothú agus tionscnaimh a bhainistiú a thacaíonn leis an ngníomhaíocht fhisiceach agus leis an spórt ar fud na hEorpa. Bunaíodh líne bhuiséid ar leith den chéad uair faoin gcéad chlár Erasmus+ (2014-2020) chun tacú le tionscadail agus líonraí a bhaineann leis an spórt.

An Bunús dlí

Cé nach luaitear inniúlacht shonrach dlí maidir leis an spórt sna Conarthaí roimh 2009, leag an Coimisiún síos an bunús do bheartas spóirt AE lena Pháipéar Bán in 2007 maidir le Spórt agus le plean gníomhaíochta Pierre de Coubertin.

Le Conradh Liospóin, fuair AE inniúlacht shonrach i réimse an spóirt. Le hAirteagal 6(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar inniúlacht don Aontas tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát nó na gníomhaíochtaí sin a fhorlíonadh i réimse an spóirt, agus in Airteagal 165(1) leagtar amach mionsonraí an bheartais spóirt, ina luaitear go ‘rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt’. Tagraíonn Airteagal 165(2) don ‘ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir comhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint’. Tá bunús dlí dá bhrí sin ag AE tacú leis an earnáil go struchtúrach le clár Erasmus+ agus labhairt d’aon ghuth ag fóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Casann airí spóirt AE le chéile freisin ag cruinnithe na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt. Thairis sin, bhí tionchar mór ag inniúlacht AE i réimse an mhargaidh aonair ar an spórt. Mar shampla, d’fhorbair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cásdlí tábhachtach a bhfuil impleachtaí móra aige do shaol an spóirt (amhail cás Bosman). Ag an am céanna, feidhmíonn AE a chumhachtaí boga dlí i réimsí a bhfuil dlúthbhaint acu le réimsí amhail oideachas, sláinte agus cuimsiú sóisialta trí chláir chistiúcháin.

Cuspóirí

Trí inniúlacht shonrach nua a chruthú sna Conarthaí, cuireadh deiseanna nua ar fáil do ghníomhaíocht AE maidir leis an spórt. Oibríonn an tAontas Eorpach chun cothroime agus oscailteacht níos fearr a chur chun cinn i gcomórtais spóirt agus chun ionracas morálta agus fisiceach cleachtóirí spóirt a chosaint níos fearr agus nádúr sonrach an spóirt á chur i gcuntas. Ina theannta sin, tacaíonn an tAontas leis an smaoineamh gur féidir leis an spórt feabhas a chur ar fholláine ghinearálta, cabhrú le saincheisteanna sochaíocha níos leithne amhail ciníochas, eisiamh sóisialta agus neamhionannas inscne a shárú, tairbhí eacnamaíocha suntasacha a chur ar fáil ar fud an Aontais agus gur uirlis thábhachtach é i gcaidreamh seachtrach an Aontais. Go háirithe, cumhdaíonn AE trí réimse gníomhaíochtaí in earnáil an spóirt: (1) ról sochaíoch an spóirt; (2) gné eacnamaíoch an spóirt; agus (3) creat polaitiúil agus dlí earnáil an spóirt.

A bhfuil bainte amach

A. Forbairtí beartais

1. An Páipéar Bán maidir le Spórt agus plean gníomhaíochta Pierre de Coubertin

Bhí Páipéar Bán 2007 ón gCoimisiún ar an gcéad ‘tionscnamh cuimsitheach’ maidir le spórt ar thug AE faoi. Trí chur chun feidhme na mbeart a moladh, d’éirigh leis an gCoimisiún fianaise úsáideach a bhailiú maidir le saincheisteanna a gcaithfear dul i ngleic leo sa todhchaí. Sa Pháipéar Bán, beartaíodh roinnt cuspóirí, lena n-áirítear, i measc cuspóirí eile:

  • feabhas a chur ar ról sochaíoch an spóirt;
  • sláinte an phobail a chur chun cinn tríd an ngníomhaíocht fhisiciúil;
  • borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí deonacha;
  • feabhas a chur ar ghné eacnamaíoch an spóirt agus saorghluaiseacht imreoirí;
  • comhrac in aghaidh na dópála, an éillithe agus an sciúrtha airgid;
  • cearta meán a rialú.

2. Gné Eorpach an spóirt a fhorbairt

Bhí Páipéar Bán 2007 ón gCoimisiún maidir le Spórt, agus teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin 2009 ina mbunchlocha don teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Eanáir 2011, ‘An ghné Eorpach sa spórt a fhorbairt’. Ba í an teachtaireacht sin an chéad doiciméad beartais maidir leis an spórt a ghlac an Coimisiún tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm. Sa teachtaireacht leagtar béim ar phoitéinseal an spóirt rannchuidiú go suntasach le spriocanna foriomlána don straitéis ‘Eoraip 2020 don fhás agus do phoist’(2010-2020), lena gcuirtear feabhas ar infhostaitheacht agus ar chuimsiú sóisialta. Moladh sa teachtaireacht freisin gur cheart do AE Coinbhinsiún Frithdhópála Chomhairle na hEorpa a shíniú, socruithe slándála agus ceanglais sábháilteachta d’imeachtaí idirnáisiúnta spóirt, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus leanúint leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna náisiúnta a thabhairt isteach bunaithe ar threoirlínte AE maidir le gníomhaíocht fhisiceach, agus caighdeáin a fhorbairt don rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar imeachtaí agus ar ionaid spóirt.

Maidir le cúrsaí eacnamaíochta, iarrann an Coimisiún ar chumainn spóirt sásraí a bhunú le haghaidh dhíol comhchoiteann chearta na meán chun a áirithiú go ndéanfar ioncam a athdháileadh ar bhonn leormhaith. I measc na saincheisteanna eile a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu sa Teachtaireacht tá cearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an spórt, malartuithe dea-chleachtas maidir le maoiniú trédhearcach agus inbhuanaithe spóirt, agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dlí státchabhrach i réimse an spóirt.

3. Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt

Tá Plean Oibre AE don Spórt ar cheann de na doiciméid is tábhachtaí de chuid AE i mbeartas spóirt. Díríonn sé ar phríomhghníomhaíochtaí an Aontais sa réimse agus feidhmíonn sé mar threoirionstraim chun comhar idir institiúidí AE, na Ballstáit agus geallsealbhóirí spóirt a chur chun cinn. 

Ghlac an Chomhairle an chéad Phlean Oibre don Spórt (2011-2014) in 2011. An 1 Nollaig 2020, ghlac Comhairle na nAirí Eorpacha Spóirt an ceathrú Plean Oibre AE don Spórt (2021-2024). Tá áit lárnach ag an ngníomhaíocht fhisiciúil sa phlean, lena n-áirítear deiseanna spóirt a chruthú do gach glúin, a liostaítear mar phríomhthosaíocht. Is é is aidhm don phlean freisin ‘téarnamh agus teacht aniar géarchéime in earnáil an spóirt a neartú le linn phaindéim COVID-19 agus ina dhiaidh sin’. I measc réimsí tábhachtacha gníomhaíochta eile tá tosaíocht á thabhairt do scileanna agus do cháilíochtaí sa spórt trí mhalartú dea-chleachtais agus trí fhorbairt eolais, trí shláine agus luachanna a chosaint, trí ghnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil an spóirt agus trí chomhionannas inscne a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag AE freisin líon na mban i bpoist cheannaireachta agus i gcóitseáil a mhéadú, dálaí cothroma na lúthchleasaithe uile a fheabhsú agus feabhas a chur ar chlúdach na meán maidir le mná sa spórt.

I gcomhréir le haistriú glas AE, tá ‘spórt glas’ mar thosaíocht freisin, ós rud é go moltar sa phlean creat comhchoiteann a fhorbairt ina bhfuil gealltanais chomhroinnte agus an Comhshocrú Eorpach maidir leis an Aeráid a chur san áireamh. Cuirtear tuilleadh béime ar an nuálaíocht agus ar an digitiú i ngach réimse den earnáil spóirt.

4. Gníomhaíochtaí iarphaindéime COVID-19

An 22 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle a conclúidí maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar earnáil an spóirt, ina moltar bearta éagsúla do théarnamh na hearnála sin. Leagadh béim sa doiciméad ar an gcaoi ar buaileadh go dona an earnáil ina hiomláine, lena n-áirítear ó thaobh na heacnamaíochta de, toisc go raibh iarmhairtí tubaisteacha ag an bpaindéim ar ghníomhaíochtaí spóirt ar gach leibhéal. Chuir an Chomhairle i bhfáth go bhfuil gá le straitéisí paindéime agus iarphaindéime i dtaca le hathchothú áitiúil, náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal AE chun tacú le hearnáil an spóirt agus chun an méid tábhachtach a chuireann sí le folláine shaoránaigh an Aontais a choinneáil. Dá bhrí sin, mhol an Chomhairle d'institiúidí an Aontais cur lena n-iarrachtaí náisiúnta, trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil don earnáil trí na cláir agus na cistí de chuid an Aontais atá ar fáil, amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, cistí an Bheartais Comhtháthaithe agus an Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt don Choróinvíreas (CRII, CRII+). Thairis sin, leag an Chomhairle béim ar an ngá atá ann idirphlé a chur chun cinn idir na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha chun straitéisí a phlé chun gníomhaíochtaí spóirt a atosú ar bhealach sábháilte, agus – i gcás inar féidir – ar bhealach comhordaithe, agus chun géarchéimeanna amach anseo a chosc, ar mhaithe le hathléimneacht earnáil spóirt an Aontais a fheabhsú.

An 10 Feabhra 2021, ghlac an Pharlaimint rún lena n-athdhearbhaítear conclúid na Comhairle ach chuir sí i bhfáth nár cheart cabhair airgeadais a bheith teoranta do mhórimeachtaí spóirt féachana agus go bhfuil bearta téarnaimh thar a bheith tábhachtach do spórt an phobail. Thairis sin, iarradh ar an gCoimisiún cur chuige Eorpach a fhorbairt chun dul i ngleic le héifeachtaí diúltacha na paindéime ar earnáil an spóirt.

B. Gníomhaíochtaí agus cláir

1. Erasmus+

Tá an spórt ina dhlúthchuid de Erasmus+, clár gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh i réimse an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Leithdháileann an clár reatha do 2021-2027 1.9 % dá bhuiséad foriomlán ar an spórt.

Leagadh béim ar an gcuspóir ‘soghluaisteacht foghlama baill foirne spóirt, agus comhar, cáilíocht, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartais spóirt’ a chur chun cinn, mar cheann de thrí phríomhchuspóir chlár nua Erasmus+. Áirítear i measc na ngníomhaíochtaí chun an cuspóir sin a bhaint amach, inter alia, soghluaisteacht a chothú go háirithe don fhoireann i spórt an phobail, agus deiseanna foghlama fíorúla a mhéadú, comhpháirtíochtaí a chruthú le haghaidh comhair agus malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí mionscála agus rochtain níos leithne agus níos cuimsithí ar an gclár a chothú agus tacú le himeachtaí spóirt neamhbhrabúis lena gcuirtear saincheisteanna atá ábhartha do spórt an phobail chun cinn.

2. Seachtain Eorpach an Spóirt

Mhol Parlaimint na hEorpa go dtabharfaí isteach ‘Lá Spóirt Eorpach’ ar fud an Aontais den chéad uair ina rún ó mhí Feabhra 2012 maidir leis an ngné Eorpach den spórt. I mí Mheán Fómhair 2015, seoladh Seachtain Eorpach an Spóirt (EWOS) chun spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn ar fud na hEorpa ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus saoránaigh na hEorpa a spreagadh stíl mhaireachtála níos fearr agus níos sláintiúla a bheith acu. Mar a léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair ó 2018, tá 59% de mhuintir na hEorpa ann nach mbíonn i mbun aclaíochta, nó nach n-imríonn spórt riamh, nó nach ndéanann é ach go hannamh. Mar thoradh air sin, bíonn sláinte agus folláine na ndaoine thíos leis, mar aon leis an ngeilleagar, agus tagann de sin caiteachas méadaithe ar chúram sláinte, caillteanas táirgiúlachta san ionad oibre agus infhostaitheacht laghdaithe.

Ó 2017 ar aghaidh, tionóltar EWOS idir an 23 agus an 30 Meán Fómhair ar fud na hEorpa, agus eagraíonn na Ballstáit agus tíortha comhpháirtíochta raon leathan gníomhaíochtaí agus imeachtaí. In 2020, in ainneoin phaindéim COVID-19, ghlac 42 thír páirt ann agus reáchtáladh 32 617 n-imeacht.

3. Tionscadail le haghaidh cuimsiú sóisialta

Tá an cuimsiú sóisialta i measc na dtosaíochtaí atá ag AE ina ról don spórt sa phobal. Trí dhaoine a thabhairt le chéile, pobail a thógáil agus comhrac i gcoinne na seineafóibe agus an chiníochais, tá an poitéinseal ag an spórt rannchuidiú go mór le lánpháirtiú na n-imirceach in AE. I mí Mheán Fómhair 2016, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar inar scrúdaíodh conas a thacaíonn an spórt le lánpháirtiú imirceach ar fud na hEorpa, lena mapáiltear dea-chleachtais ar fud AE. Chomh maith leis sin, tacaíonn an Coimisiún le tionscadail agus líonraí do chuimsiú sóisialta imirceach trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus trí chlár Erasmus+. Tá tionscadail á gcistiú ag AE amhail an Líonra Eorpach um Chuimsiú sa Spórt (ESPIN), agus an tionscadal Social Inclusion and Volunteering in Sports Clubs in Europe (SIVSCE) nó Fairplay.

4. Dámhachtainí

In 2021, chruthaigh an Coimisiún dhá chlár dámhachtana, #BeActive agus #BeInclusive, lena dtugtar luach saothair do smaointe agus tionscnaimh nuálacha a d’fhorbair daoine aonair nó eagraíochtaí san Eoraip chun spórt agus gníomhaíochtaí coirp a chur chun cinn. Ina theannta sin, cuireann siad ‘bacainní sóisialta a bhriseadh’ chun cinn tríd an spórt chun daoine a thabhairt le chéile agus chun féiniúlacht Eorpach a chothú.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Sa Pharlaimint, tagann forbairt an bheartais spóirt Eorpaigh faoi chuimsiú inniúlacht an Choiste um Chultúr agus um Oideachas (CULT). Aithníonn an Pharlaimint go bhfuil gá níos mó ná riamh ann go rachadh AE i ngleic le cúrsaí spóirt fad is a urramaítear go hiomlán prionsabal na coimhdeachta, mar go bhfuil an spórt féin ina fheiniméan tábhachtach sóisialta agus gur chun leasa an phobail é. In 2012, ghlac an Pharlaimint rún maidir leis an ngné Eorpach den spórt, a bhí ina bhunchloch do Sheachtain Eorpach an Spóirt. Cuireann an Pharlaimint tábhacht shóisialta an spóirt chun cinn freisin. Ina theannta sin, ina rúin éagsúla, thug an Pharlaimint aghaidh ar shaincheisteanna an chomhionannais inscne sa spórt, chomh maith le haosú gníomhach agus dlúthpháirtíocht idir na glúnta. Luaitear ról buntábhachtach an spóirt sa rún ó 2016 maidir le lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus cuimsiú sóisialta dídeanaithe, agus béim á leagan ar ról tábhachtach an spóirt mar ionstraim chun idirphlé sóisialta agus idirchultúrtha a chothú trí chur chun cinn a dhéanamh ar bhunú nasc dearfach idir an pobal áitiúil agus dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn.

Thairis sin, rinne Fochoiste na Parlaiminte um Chearta an Duine (DROI) cearta an duine a phlé go rialta i gcomhthéacs imeachtaí móra spóirt a óstáiltear i dtíortha amhail an Rúis (Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014), an Bhrasaíl (Corn Domhanda FIFA na bhFear 2014, Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2016), agus Catar (Corn Domhanda FIFA na bhFear 2022.) Tar éis na chéad éisteachta maidir le spórt agus cearta an duine inar díríodh ar staid na n-oibrithe imirceacha i gCatar i mí Feabhra 2014, tionóladh éisteacht chomhpháirteach in éineacht le Coiste CULT maidir le sáruithe ar chearta an duine i ndáil le mórimeachtaí spóirt.

Bhí an Pharlaimint an-ghníomhach freisin sa chomhrac i gcoinne feallsocrú cluichí agus i gcoinne an éillithe sa spórt, agus ghlac sírún ar an ábhari mí an Mhárta 2013. Ina dhiaidh sin bhí rún eile ann i mí an Mheithimh 2015 maidir le nochtadh cásanna ardleibhéil éillithe in FIFA agus rún i mí Feabhra 2017 dar teideal ‘Cur chuige comhtháite i leith an Bheartais Spóirt: dea-rialachas, inrochtaineacht agus ionracas’.

I mí Iúil 2016, chuir coiste CULT síos ceist ó bhéal ar an gCoimisiún maidir le feallsocrú cluichí, ag iarraidh go dtabharfadh sé gealltanas iomlán go ndaingneofaíCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mí-ionramháil a dhéanamh ar Chomórtais Spóirt. I bhfreagra an Choimisinéara ba léir gur thacaigh an Coimisiún leis an gCoinbhinsiún ag lua gur uirlis luachmhar é chun comhrac i gcoinne feallsocrú cluichí, agus go bhfuil sé ina bhonn stuama chun a áirithiú go mbeidh comhordú agus comhar uile-Eorpach ann sa chomhrac sin. Tá gá le comhar idir na Ballstáit agus institiúidí, áfach, chun a áirithiú go dtiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm in AE.

Aithníonn an Pharlaimint freisin an tábhacht a bhaineann leis an spórt ó thaobh na turasóireachta de, ag athdhearbhú an mhéid dhearfaigh a rinne sé ó thaobh réigiúin na hEorpa a dhéanamh tarraingteach do thurasóirí, agus béim á leagan aici ar na deiseanna a eascraíonn as lúthchleasaithe ag taisteal agus lucht féachana ag dul chuig imeachtaí spóirt, a mheallann turasóirí fiú chuig na háiteanna is iargúlta.

Ina leasuithe ar an togra ón gCoimisiún maidir le clár 2021-2027 Erasmus+, mhol an Pharlaimint go ndéanfaí codanna de bhuiséad Erasmus+ a ath-leithdháileadh ar réimsí éagsúla den chlár, chun a áirithiú go mbeadh an deis ag níos mó lúthchleasaithe agus cóitseálaithe óga páirt a ghlacadh i scéimeanna soghluaisteachta.

An 23 Samhain 2021, ghlac an Pharlaimint rún dar teideal ‘beartas spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann’. Sa rún sin, mhol na Feisirí gníomhaíochtaí éagsúla amhail níos mó maoinithe do spóirt an phobail, rialáil níos fearr ar aistrithe imreoirí, pá comhionann agus infheictheacht níos fearr do mhná sa spórt, cosaint níos fearr do leanaí sa spórt agus méadú ar líon na n-uaireanta a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí fisiciúla i scoileanna.

Ar deireadh, an 10 Samhain 2022, glacadh rún maidir le r-spóirt agus físchluichí, inar chinn an Pharlaimint gur earnálacha éagsúla iad ríomhspóirt agus spórt. Dá bhrí sin, d’iarr sí ar an gCoimisiún cairt a tharraingt suas chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn i gcomórtais ríomhspóirt agus chun machnamh a dhéanamh ar víosa a chruthú do phearsanra ríomhspóirt. Aithníonn an Pharlaimint acmhainneacht na bhfíschluichí spóirt agus an spóirt fhíorúil chun cineálacha nua rannpháirtíochta lucht leanúna a fhiosrú agus rannpháirtíocht na hóige i ngníomhaíochtaí fisiciúla a mhéadú, ach aithníonn sí freisin an gá atá le ríomhspóirt a chosaint ó fheallsocrú cluichí agus ó chearrbhachas neamhdhleathach. Creideann sí gur cheart don Aontas cur chuige freagrach a ghlacadh i leith físchluichí agus ríomhspórt trína gcur chun cinn mar chuid de stíl shláintiúil mhaireachtála lena n-áirítear gníomhaíocht choirp, idirghníomhú sóisialta i bpearsa agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha.

 

Katarzyna Anna Iskra