Maidir leis na Coistí
Teachtaireacht fáilte an Chathaoirligh

Fáilte chuig an gCoiste um Fhorbairt (DEVE), coiste a bhfuil sé d'onóir agam a bheith i mo chathaoirleach air ó mhí Iúil 2024.
Is crann taca é ár gcoiste do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe. Tráth a bhfuil méadú ag teacht ar neamhionannais agus ar neamhshláine domhanda, is tábhachtaí ná riamh ár dtiomantas chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, cabhrú leo siúd atá i ngátar, agus ár gcaidreamh le tíortha atá i mbéal forbartha a fheabhsú.
Tá rannchuidiú an Aontais le forbairt inbhuanaithe dhomhanda ríthábhachtach agus tá ról lárnach ag ár bParlaimint maidir leis an mbuiséad do chomhar AE agus do chaiteachas ar chúnamh a chinneadh, súil ghéar a choinneáil ar an gCoimisiún Eorpach agus orthu siúd go léir a bhfuil baint acu le cistí AE a úsáid, agus beartais AE a bhfuil tionchar acu ar thíortha atá i mbéal forbartha a mhúnlú.
Tá ár ndícheall á dhéanamh againn aird a tharraingt ar na saincheisteanna práinneacha a mbíonn tionchar acu ar chúnamh daonnúil chomh maith le straitéisí fadtéarmacha chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí forbartha cuimsitheach agus inbhuanaithe.
Buailimid le lucht ceaptha beartas, le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe ó gach cearn den domhan chun réitigh a phlé agus chun éisteacht leis an méid atá ag teastáil ar an láthair uathu siúd a bhfuil sáreolas acu air. Tugaimse cuireadh daoibh ár nuacht agus ár bhfógraí a sheiceáil go rialta, agus ár gcruinnithe coiste a leanúint beo de réir mar a tharlaíonn siad.
Barry Andrews
Links
Useful links
- European Commission - DG for International Partnerships (INTPA)
- European Commission – DG for European Civil Protection and Humanitarian Aid Operations (ECHO)
- European External Action Service (EEAS)
- UN Sustainable development goals
- Neighbourhood, Development and International Cooperation Instrument – Global Europe – NDICI-GE Performance
- Humanitarian Aid Programme Performance
- OACPS-EU Joint Parliamentary Assembly
- The Pan-African Parliament website
- CONCORD - European Confederation of NGOs working on sustainable development and international cooperation
- VOICE – European humanitarian NGO network